Le fada an lá, do bhí suim agam turas a dhéanamh ar Abhainn na Bandan. Tá clú agus cáil ar an mBandan Uachtarach le haghaidh súgradh agus spraoi i measc an dream bánuisce, ach dar leo, tá an Bandan íochtarach mall agus leadránach. Foirfe domsa mar sin!
Tháinig slua maith le haghaidh an turas, idir canúnna agus cadhcanna. Bhíomair ag iarraidh tosnú ag Droichead Bealaboy (Béal Átha Buí?), ach bhí leibhéal an uisce i bhfad ró-íseal agus an abhainn plódaithe le fiaile. Mhol Kevin bogadh síos go dtí Droichead Mansaí, agus thosnaíomair ann ina áit.
Bhí an abhainn breá séimh ag an leibhéal seo, timpeall 0.5m ag an treoir uisce ag Droichead Béal Átha Buí.
 |
| Tadhg & Odhran ag céaslú a gcanú féin. |
 |
| Roseanne Stephenson |
 |
| Kevin Murphy |
 |
| John O'Donovan & a iníon. |
 |
| John Óg O'Donovan |
 |
| Roseanne ag triall as an gcanú le Tadhg. |
 |
| Deiridh d'ár turas ag an ionad cóireála uisce ag Droichead Baxter. |
D'éirigh go maith linn inniu ar an abhainn. Bheinn breá sásta filleadh ar ais, fiú le leibhéal níos airde, b'fhéidir suas go dtí 0.6m, chun triail as an gcéad stiall eile den abhainn.