Sunday, 30 November 2025

20251130 - An Abhainn Aighlinn arís.

Déagraigh Tomas Gurski an turas inniu, bhi seisean agus a cara agus comhthíreach Ren ag iarraidh An Aighleann a dhéanamh ag leibhéal níós airde na a bhí i rith an tsamhraidh.

Bhuaileamair le chéile ag Droichead Bhéal Átha an Chaolaigh, d'fhágamair dhá charr ann agus chuamair go dtí Cathrach le cuir isteach.
Bhí ceathrar againn in iomlán, an beirt Liotuánach, mise agus Christian Cattermoule.
Bhí an leibhéal an-deas ar fad, timpeall 5.8m ag an ionad cóireála uisce Béal Átha an Chaolaigh. Ní raibh sé scríobach in aon chor, agus gan a bheith ró-thapaidh, ró-láidir ná ró-mhór.


Seo an saghas gné abhann coiteann ar an abhann seo.

Tomas, Christian & Ren.

An bealach coiscthe ag an gcrann leagtha seo. Bhi orainn teacht amach agus siúl timpeall.

Seal Launch tugtha ar an gcaoi seo dul ar snámh.

Píosa beag de surfáil san fhánsruth seo.

Tomas.

Ren.

Christian.

Tomas arís. An-éasca do.

Christian ag tabhairt rúchladh tríd Eas Mhic Cormaic.

Agus anois Ren.

Tomas ar an taobh clé. Ní bíonn an rogha seo ann ag leibhéal níos ísle.

Turas deas eile ar An Aighlinn a bhí ann, agus an-deas a bheith amuigh sa aer úr an allamuigh.


 



Saturday, 29 November 2025

20251129 - An Liag agus Oileán na gCapall

Táim tar éis an sean-cadhc seo a dheisiú agus cóiriú, agus b'é mo chéad seans inniu triail a bhaint aisti.  


Chuas síos go dtí cé Baile an Chaisleáin go moch, le haghaidh tús maith den lae.

D'fhágas an fánán agus chuas ó thuaidh, i dtreo An Liag, áit ata saineolas agam air, agus fios maith agam go mbeadh sé breá cothrom agus ciúin ann.

Ag an tús ní rabhas ag suí i gceart sa suíochán, agus stopas ag An Liag chum mé féin a shocrú i gceart. Bhíos ní b'fhearr ina dhiaidh sin, ach d'airíos na pardóige ag taobh an suíochán ag fáscadh mo chromáin go daingean, agus bhíos míchompordach dá bhrí sin.

Chasas timpeall agus chuas siar ó dheas tríd an gcuan, ach bhí orm stopadh arís (ag Tráigh Carta) chun na pardóige siúd a bhaint den gcadhc.

Ní ba chompordaí ansin, chinneas dul amach tríd Flea Sound agus timpeall Oileán na gCapall.
Bhí sé beagán clabach ar an taobh theas den oileán, agus bhraitheas píosa corrach ar feadh nóiméad, ach bhí sé ceart go leor.

D'fhilleas ar ais go dtí an baile beag ansin, le fios agam go raibh an-chuid tincéireacht fós le déanamh agam leis an mbád seo, agus an-chuid cleachtadh le déanamh chun éirí muiníneach inti.
Táim ag súil go mór leis!



*****UASDÁTÚ*****

Ba é John Willacy a dhear an cadhc seo ar an gcéad dul síos, agus nuair a dúras leis go rabhas a braith míchompordach sa bhád, ba é seo an comhairle a thug sé dom:


Hi Tash

Good to hear you got your Taran on the water. There's a bit about padding your Taran here:

https://www.performanceseakayak.co.uk/Archive/category/taran/

But I guess you can figure it out yourself, a few thoughts:

The Taran needs a the rudder to be adjusted correctly to get the best from the boat. Basically the cables should be tight enough that you can get rudder movement with the slightest of foot movements, but not so tight it moves with every stroke. The boat should response to steering inputs pretty much instantaneous. Too loose and this won't happen. However, note that the rudder needs thin soled, soft soled footwear to work well, such as wet suit boots. I use 'barefoot' type running shoes - canyon boots, heavy duty paddling shoes etc just won't work, or fit in the boat.

Stability, the boat is pretty stable but it may be a different kind of stability to what you are used too. It doesn't sit completely solid on the water, but it doesn't have varying stability depending on lean angle etc. There is no primary/secondary stability that people often talk about, it is just what it is throughout from the start to the end irrespective of conditions/lean etc. Once you get used to it you will like it, and it will be nice to you!

Exercises:

Paddle inside very small surf (less than 1 ft) parallel to the beach, getting a feel for difference between green and broken waves side-on from either side. Only small waves though, you should be able to paddle continuously without significant bracing.

Paddle squares, again inside small surf on a beach: out, along, in, along and repeat. Get used to the handling of the boat in waves from all directions.

If you have a friendly bit of small clapotis or wall-rebound just sit in it, varying the heading angles a little. Be patient, take your time, get a feel for it. Have a go at paddling across it at varying directions and speeds.

Find a spot with gentle flow if you can and get used to doing ferry glides using the ruder. Once you get the hang of it you'll wonder how you did without.

Paddle the boat flat, with minimal leans as a rule. All steering is from the rudder. Leaning for moving water edging only.

Get used to the rudder, the boat should be paddled with the rudder throughout. Lift it to go backwards, turn on the spot, shallow water or going very slow in very strong winds - otherwise, if you are going forward the rudder is down all the time.


Any questions then get in touch.
Cheers
JW


Bhuel, sin plean traenála dhom! Go raibh míle maith agat John.











Saturday, 22 November 2025

20251122 - Acaill Bheag

D'fhógair Canoeing Ireland roinnt míonna ó shin go mbeadh cúrsa traenála Leibhéal 5 ar siúl sa deireadh seachtaine seo, agus cheapas go mbeadh sé suimiúil páirt a ghlacadh ann. Nílim cinnte go bhfuil teastas L5 ag teastáil uaim, ach bím díocasach i gcónaí rudaí nua agus scileanna nua a fhoghlaim.

D'fhágas Iarthar Chorcaí maidin inné ag triail ar Oileán Acla le dhá chadhc ar díon an veain. Bhíomair chun lóistín a fháil san Ionad Oideachais Allamuigh Acla, ach roimh dul ann, shocraíos cuairt gairid a thabhairt ar mo chol ceathair Orlagh, a bhfuil cónaí uirthi in Acaill sa lá ata inniu ann.
Bhí sé an-deas bualadh léi agus le Francis a fear. Is mór an trua a rá, ach san aimsir seo ní bhuailim le mo ghaoil go ró-mhinic lasmuigh de sochraidí.

Sin déanta, shroicheas an IOA (OEC) agus thugas fé ndeara gurb mise an chéad duine ann. Lasas an tine agus chuireas an citil ar siúl. Sara i bhfad, tháinig na daoine eile, in a nduine is in a nduine. Bhí ionadh deas orm Luke a fheiscint ag teacht isteach. D'tháinig seisean ó Iarthar Chorcaí inniu freisin. Tá sé fostaithe san IOA i Scoil Mhuire, agus bíonn sé ag bainistiú mo mhac Odhran sa scoil seoltóireachta ann ó am go chéile.


Maidin inniu bhí seisiúin ranga againn ar dtús, agus amach ansin linn go dtí an cé beag ag An Chloch Mhór le dhul ar snámh.


Comhphobal beag is ea iad an muintir céaslóireachta in Éireann, agus dá bhrí sin bhí aithne agam ar chuid maith de na mhic léin sa ghrúpa; Bryan & Niamh ó Shearwater agus Orlagh Dee ó ECSKC, mar shampla. Bhí aithne ainm agam ar chuid eile, agus bhí aithne agam ar na teagascóirí freisin, dar ndóigh - Kevin Geo O'Callaghan agus Shane McElligott.


Roinneamair in dhá ghrúpa, cúigear le Geo agus cúigear eile le Shane - bhíos i ngrúpa Geo ar dtús.

Chaitheamair an-chuid ama ag féachaint ar na dálaí, ag féachaint ar an gcomharthaíocht sa timpeallacht agus ag cleachtadh scileanna bunúsacha sa srúill srl.






Ag am lóin, chinn Geo go dtagaimid i dtír ar laftán caol, breis is méadar go leith os cionn an fharraige, agus ba é Brian Ward agus mise na céad daoine ag iarraidh an leaindeáil a dhéanamh. D'éirigh linn, ag baint úsáid as línte chun na báid a tharrac aníos inár ndiaidh.
Ina dhiaidh sin, bhí sé réasúnta fuirist an dream eile a thógaint suas freisin.

Chinn Shane go ndéanfadh a ghrúpa leaindeáil snámha ar an leac céanna. Bhíos sásta  gan san a dhéanamh, bhí lón deas tirim agam ar an lic.



Ba é Geo an chéad duine ar ais ina chadhc ag imeacht ón laftán. D'íslíomair a bhád síos ar línte, agus dhreap sé síos chuici.


In a nduine is in a nduine, lean gach duine é go dtí nach raibh éinne fágtha ach mise agus Brian. 











Bhíos ag cuir mo théad tarraingthe in eagar agus dúirt Brian go bhfanfadh sé dom, ach nuair a chasas timpeall arís bhí sé imithe agus bhíos fágtha i mo aonar ar an leac!
Le gach éinne ag féachaint orm, bhogas mo bhád síos go dtí an píosa ba ísle den laftán agus dheineas iarracht léimt isteach inti agus imeacht, ach tháinig seit tonnta móra isteach agus bhíos caite isteach san fharraige  - ag snámh arís agus náirithe os comhar mo chomhghleacaithe.


Tar éis an lón, bhí mo ghrúpa in éindí le Shane, agus ba é Shane a ghlac formhór na fótagraif ar an leathanach seo.




Bhíomair ag cleachtadh scileanna arís, ag iarraidh na mionsonraí a dhéanamh go foirfe.


Bhí iarracht againn beagán surfáil a fháil, ach seachas Colin Orr, theip orainn go léir in ndáiríre.








B'in deireadh leis an gcéad seisiún uisce. Chuamair go dtí an siopa le haghaidh greim bídh tapaigh a alpadh siar agus leanamair ar aghaidh go dtí Cé Thóin re Gaoth le i gcomhair an seisiún oíche.

Tháinig Jon Hynes nuair a bhíomair ag fáil réidh dul ar snámh, agus mar gheall ar sin, bhriseamair suas in trí ghrúpa.
Bhí turas beag le déanamh ag gach grúpa gan ach compás, cairt agus uaireadóir. Cé go raibh an turas gairid go leor, bhí sé dúshlánach sa dorchadas leis an ngaoth, an bháisteach agus an srúill.


Agus sin deireadh leis an gcéad lá. Tá réamhaisnéis uafásach ann don máireach, agus beidh sé suimiúil fáil amach cad atá i ndán dúinn.

********UASDÁTÚ********

Ag deireadh na dála, ní raibh aon rud in ndán dúinn sa tarna lá seachas seisiún ranga arís.

Chuamair go dtí Pointe Ros Lao, os comhair Cathair na Mart amach, ach dheineadh an cinn gan dul ar an uisce ar chor ar bith mar gheall ar an aimsir, ach go háirithe an gaoth.

Is oth liom a rá, ach tá díomá orm ó thaobh an cúrsa seo. Cinnte bhí rudaí foghlamtha agam, ach bhíos ag súil le i bhfad níos mó i ndáiríre, agus níos mó spraoi ar an uisce freisin, is dócha.

Ach dream maith a bhí ann, agus bheinn breá sásta dul ag céaslóireacht le éinne acu fosta.




Monday, 17 November 2025

20251117 - Surfáil moch ar maidin.

Bhí na leaideanna ag cur i dtíortha aréir ar WhatsApp fén gcaighdeán surfáil a bhí acu in Inse Duine tráthnóna inné. Bhí éad an domhain orm fé sin, dar ndóigh, agus chuireas in eagar le Thomas Maas go raghfaimís ann ag breacadh an lae chun píosa spraoi a bhaint as an maidin.

Bheadh na tonnta beag, dar leis an réamhaisnéis, ach le réaltá amháin, bhíomair ag súil go mbeidís maith a dhóthaint,


Bhuaileas le Thomas ag an carrchlós an Óstán Inse Duine sa chlapsholas na maidine agus bhíomair ar an uisce roimh éirí na gréine.

Sa deireadh bhí na tonnta beag agus lag go leor, ach glan agus álainn. Bhí spraoi againn cinnte, ach bhi sé go haoibhinn a bheith amuigh ann ar an uisce ag an gcuid sin den lae san aimsir sin.


Sunday, 16 November 2025

20251116 - An Abhainn Chárthaí Íochtair

Dúirt an-chuid daoine liom thar tamall go bhfuil an Abhainn Chárthaí Íochtair fíor oiriúnach do canú oscailte, agus bhíos á phlé le Richard an tseachtain seo chaite.
Nuair a d'fhógair Pa cúpla lá ó shin go raibh sé ag lorg áit le dhul ag an deireadh seachtaine, mholas an abhainn seo do, agus tar éis píosa beag cainte, bhí sé socraithe againn.


Nuair a chonac an abhainn maidin inniu, bhí scleondar orm, agus do bhí orm stopadh chun féachaint uirthi!


Ó chlé go deis - Pa, Robert, mise, Richard.

Spraoi sa sruth.

Céaslóir an-oilte is ea é Richard. (Níl Pa ná Robert chomh dona ach an oiread!)

Richard a cleachtadh trasnú ainlithe.


Agus ag iarraidh é a dhéanamh ar chúl.


Seas-canú-áil!


Is saghas mainicín faisin céaslóireachta anois é!

Robert ag éirí an-chompordach sa sruth.


Lá den scoth a bhí ann ar abhainn álainn. Táim ag súil go mór le filleadh ar ais anseo, agus b'fhéidir go dtriailimid as an gCarthaí Uachtair lá éigin freisin.