Monday, 8 April 2024

20240408 - Faoide

Lá fliuch, gaofar ata ann, ach mo lá deireanach roimh dul ar ais ag obair, agus bhíos an-tiomanta dul amach uair amháin eile roimhe sin.

Do bhí carr mo chomrádaí tairiseach Dave Elwood sa gharáiste, agus dá bhrí sin, thugas síob do, agus dá chadhc, ó Áth an Chiste go dtí Beanntraí. Bhualamair le Tess agus Thomas Maas ann.

Agus sinn ag tiomáint anuas ón droim ar leithinse Muintir Bháire, bhí mise agus Dave ar aon tuairim dul deiseal timpeall Oileán Faoide, ach bhí pleananna eile ag an aimsir faraor.


Bhí sé breá séimh sa chuan, ach chomh luath is a chasamair timpeall an pointe is sia siar an oileáin, thugamair fé ndeara go raibh an gaoth an-difriúil ón réamhaisnéis. Saghas "funnelling" a bhí ann measaim. Bhí an gaoth aniar aduaidh ag casadh anoir aduaidh agus ag dul amach Bá Beanntraí idir na leithinsí ar an dá thaobh.
Bhíomair ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh dul níos faide, agus chasamair timpeall.

Stopamair ag an mbaile beag, agus cé go raibh sé dúnta, lig Tim isteach sinn sa Bank House Bar, agus thug sé tae agus ceapairí dúinn! Maith an fear!

Bhíomair fuair agus fliuch, agus ní bhaineamair ár gceann scríbe amach, ach fós bhí sé fiú dul amach.


Tuesday, 2 April 2024

20240402 - Baile Riosóid go dtí Bá na hEornan

Turas deas a bhí ann inniu, amach ó Baile Riosóid, siar ó thuaidh i dtreo An Cruachán, timpeall Streek Head, taobh theas de Ceann Bró agus isteach go Bá na hEornan.

Mise, Tess agus Anaïs O'Donovan a bhí ann ar in uisce inniu, agus bhí sé réasúnta teaspach ó am go chéile.

Tá saineolas ag Tess ar an gceantar seo, agus bhí sé an-deas a bheith in éindí le treoraí mé í ar an slí.

 Mar dhuine beag, do bhí Anaïs caillte laistigh i mo Virgo mór, ach d'éirigh go maith léi ag baint úsáid as mála in ionad na dalláin coise.




"Níl aon taithí agam ag surfáil" a dúirt sí liom...mar dhea!




Monday, 1 April 2024

20240401 - Abhainn na Bandan Uachtarach - Nílim ag magadh!

Chuir Sean 'Gadget' Lynn  bat-signal de shaghas éigin suas ar Facebook, ar leathanach le teideal "Cork/Kerry Paddle Community", go mbeadh an Bandan Uachtarach (UB mar a déarfá) ag "Tash and Tess levels" inniu. 🤔

Bhuel, le cuireadh mar sin, ní raibh an tarna rogha agam ach teacht, agus thógas Odhran freisin.

Bhí an leibhéal timpeall 0.8m, agus bhí sé an-oiriúnach dúinn, an fhirinne a rá.

Bhíomair anseo cúpla uair nú trí cheanna féin san earrach seo, ag tosnú ar leibhéal an-íseal, agus ag triail ina dhiaidh sin as leibhéal beagán ní ba airde.

Thug Des Quinn a P&H Scorch dom ar iasacht inniu, chun triail a bhaint as.
Sa lá ata inniu ann, bíonn sé an deacair orm cadhc bánuisce le méid a oireann dom a fháil.

Seo sinn ag téamh suas ar gné beag.


Tá teidil tugtar ag an lucht cadhcála ar gach gné ar an gcuid seo den abhainn, ach ní cuimhin liom cén ceann é seo.

Claontarraingt  - go deas!


Bhí Anaïs O'Donovan ann freisin, ach ní raibh sí ach ar an mbruach ag glacadh fótagraif, agus dá bhrí sin, tá taifead iontach den gné is mó ar an abhainn againn.

In sna sraitheanna seo thíos, táimid ag dul síos eas ar a thugtar 'An Titim Dúbailte' air (nú, The Double Drop). Tugtar "Ardcahan Falls" air freisin uaireanta, ach níl sé sa bhaile fearainn Ard Ceachan, ach is in Gort an Iúir atá sé.

Tar éis an céad titim, tá rogha ann, dul díreach ar aghaidh, nú casadh ar dheis, ar a bhfuil saghas fánán ann.

Seo Odhran ag dul síos go díreach.







Agus ansin mise ar dul síos an fánán.




Seo Odhran ag dul síos an fánán ar dheis an uair seo.






Agus anois mise.



Agus mise arís.


Is breá liom an fótagraf seo.
Táim ag déanamh "íosbhoiseog chéasla",
agus tá cos an céasla ag lúbadh leis an bhfórsa.




Ag deireadh an lae inniu, tá a fhios agam gur féidir liom mé féin a fháscadh isteach sa Scorch, cinnte, ach bhraith sé an-ait orm tar éis blianta i gcadhcanna mara, agus an fhirinne a rá, bhíos beagáinín mí-chompordach inti.

Mo mhíle buíochas do Gadget, as an gcúram a thug sé do Odhran inniu, á chóitseáil síos an abhainn, agus as na físeáin beaga freisin dar ndóigh.
GRMA do Anaïs freisin, as na fótagraif iontacha seo.

An spraoi ar fad a bhí ann.