Sunday, 22 October 2023

20231022 - Traenáil Leibhéal a Ceathair, mar chuid de Measúnacht Teagascóirí Leibhéal a Ceathair.

Thug Jon Hynes cuireadh do dream beag ón gclub teacht le bheith mar 'Guinea-pigs' do grúpa atá á mheas ag Canoeing Ireland mar teagascóirí leibhéal 4.

I measc an slua, bhí Dave Elwood, Amy Walsh, Niall Leahy, Pa Conway, Joe Quinn agus Ronan O'Brien. Ársaí urrúnta sa chlub, gach duine acu.

Bhuaileamair le chéile in Conamar, agus bhriseadh suas in dhá ghrúpa sinn (bhí daoine eile ann, ná raibh aithne againn ortha), agus chuamair amach le triúr iarrthóir agus beirt mheasúnóir araon.

Ar dtús bhíomair ag déanamh rudaí fíor bunúsach, agus bhíomair buartha go mbeadh an lae beagáinín leadránach, ach sara fada bhí athrú mór ar an scéal.

D'aimsaíomair góilíneach taobh theas Oileán Uí Drisceoil leis an mórtas farraige ag teacht isteach tríd, agus bhí sé in am píosa carraig-preabadh a dhéanamh!
Ó, an-spórt a bhí ann. De gnáth, leis na dálaí a bhí ann, bheinn beagán drogallach dul chomh gar leis na carraigeacha, ach leis an gcomhluadar sin, bhíos ní ba chróga ná gnáth!




Amy ag cleachta an rolla sna dálaí. Bhí sí ní ba chróga na mé.



Ina dhiaidh san, leanamair ar aghaidh go dtí Inis Arcáin, agus Trá Airgid. Bhí na tonnta ag teacht díreach isteach ar an dtráigh, agus bruth deas glan ann dá bhrí sin.



Bhí seisiún den scoth againn, agus rud is iontaí dá bhfaca mé ná, David Horkan ag surfáil ar chúl, ag tumadh deiridh a bhád go domhain sa tonn, ag déanamh fiodrince leis an mbád ceartingearach san aer, ansin ag leaindeáil ar an dtonn, agus ag leanúint ar aghaidh ag surfáil ar an dtonn ceannann céanna. 🤯

Tar éis an surfáil, bhí sos lóin againn. Chuamair ar ais go dtí Conamar ansin, ag déanamh rudaí beaga ar an slí.

Lá den scoth a bhí ann. Traochta ach sásta, chuamair go dtí Spar ar Bhóthar Chorcaí sa Sciobairín, agus bhuaileamair le Jon Hynes ann. Shínigh sé níos mó d'ár leabhair L4, agus bhíomair fíor sásta leis an lae ansin!
Ba é Jon a ghlac na fótagraif ar an uisce inniu freisin.

Monday, 9 October 2023

20231006 - 20231008 - ISKA Siompóisiam - Neidín.

Is é an chuid sin den bhliain arís - an siompóisiam ISKA, ach i mbliana, tá sé an-ghar linn in Neidín.

De hAoine tháinig mé san iarnóin, agus chuaigh dream maith againn amach fé stiúir Susan Honan.

Bhí an-chuid craic agus bídh 'is dí an oíche sin freisin. Ta an cuma ar an scéal go bhfuil leath de WCKC anseo i Neidín le haghaidh an deireadh seachtaine.


Bhí téama ann den siompóisiam i mbliana - Bain Triail As Rud Nua.
Ag cloí leis an spiorad san, ar an Satharn thriail mé as surfski den chéad uair. Bhí ceardlann eagraithe agus treoirithe ag Seán Cahill, agus bhí sé an-spraoi, agus níos éasca ná a shíl mé.


Ina dhiaidh sin, bhí orm tiomáint chomh tapaigh agus ab fhéidir timpeall ó caladh Blackwater i nDoirín an Phoill go dtí Cill Mocheallóg le haghaidh seisiún muir-eolas praiticiúil treoirithe ag Geo O'Callaghan..

De Domhnach bhíos ag déanamh ceardlann bainistithe theagmhais le Jon Hynes i gCill Mocheallóg arís. Ceardlann fíor suimiúil a bhí ann, agus cúpla rud eile sínithe i mo Leabhar Oiliúint Leibhéal a Ceathair.




Jon Hynes

Deireadh seachtaine lán a bhí ann, ach lán le spórt agus spraoi agus foghlaim. Ar fheabhas!

Sunday, 1 October 2023

20230930 - 20231001 - An Bhearú - Pure Adventure.

Táim ag logáil ama teagascaíochta le haghaidh an Bronnadh Teagascóir Canú, Leibhéal 2, fé láthair, agus ag an deireadh seachtaine  bhí deis agam dul le Phil McCormack ó Pure Adventure. Tá an comhlacht bunaithe i nGráig na Manach ar An mBearú, agus is álainn an áit í.

Bhí grúpa tagtha ó BAC le haghaidh cúrsa oiliúint leibhéal a dó, agus bhíos ag cabhrú le Phil iad a traenáil. Mar a tharla, bhí aithne agam ar cuid maith acu cheanna - cadhcóirí maithe iad ón gcósta oirthear. Tá cliú agus cáil ar Susan Honan (i measc an pobal céaslú in Éireann), agus Brian agus Marie ó Shearwater Sea Kayaking.
Ar an Satharn, bhíomair ag Clais Ghainimh, ag déanamh buillí simplí agus beagáinín briseadh isteach is amach as sruth mall.

Ach inniu, bhí Phil diongbháilte an grúpa a thógaint ar turas síos an abhann, agus nach mór an spraoi a bhí ann!




Ar chúl - Tony Hawkridge, Phil McCormack, Brian, mise.
Chun tosaigh - Niamh Kenny, Sue Honan, Marie.
(agus daoine eile nach iad!)

Ag deireadh an lae, thug Phil an bronnadh oiliúint canú leibhéal a trí dom. Táim fíor buíoch as, agus fuaireas a lán níos mó as an dá la ná a bhíos ag súil ag an dtús.