Le fada an lá, bhí dúil agam turas canú (curach Cheanadach) a dhéanamh ar na locha Cill Airne.
Tá tráthnónta caite agam ag mion-scrúdú na léarscáil agus ag déanamh an aistear i m'aigne. Ach anois tá mo am tagtha.
An chéad rud le déanamh ná ceadúnas a fháil óna saoistí páirce. Bhíos i dteagmháil leo inné agus ghlanas mo bhád amach go maith leis an scairdniteoir agus an folús ghlantóir. Thógas an canú go dtí a stáisiún ar maidin agus d'iniúch saoiste í.
Bhí sí sásta léi, agus le cúpla rabhadh, thug sí an ceadúnas dom.
Anois bhí sé in am dul go dtí Cill Orglan chun bualadh le mu chomrádaí John Daly, ach bhí deis agam cupán tae agus bonnóg a fháil ag The Fishery sara dtáinig sé.
Nuair a bhíomair réidh, d'fhágamair carr John ann, agus thrialamair ar Com Uí Dhuibh agus Iostán Bréanáin.
Bhíos ag súil dul ar ais tríd Cill Airne, ach mhol Google slí eile timpeall Gleann Chárthaigh agus tríd Bealach Béime.
Bhuel, cén saghas radharc a bhí againn! I bhfad ní b'fhearr ná bheith ag féachaint ar an dtrácht plódaithe i gCill Airne arís.
Bhí an eachtra tosnaithe anois cinnte!
Díreach tar éis an cuir isteach, bhí orainn dul fén ndroichead, ach tar éis an píosa beag uisce reatha san, bhí gach rud breá suaimhneach agus socair.
Leanamair ar aghaidh ar An Loch Uachtarach. Ba iomaí uair a d'fhéach mé anuas air ón mbóthar, ag samhlaíocht ar turas canú ann, agus ar deireadh bhíos á a dhéanamh. Seachas an fhuaim ón mbóthar, cheapfá go rabhais i gCeanada, nú An tSualainn, nú Éire san aimsir chaite fiú.
Bhí an tírdhreach inár dtimpeall go haoibhinn ar fad. Carraigeacha bána, oileáin clúdaithe le crainn agus plódaithe fásra dúchasacha. Bhí na sléibhte ró-lom ar fad, na haon rud beo ithe ag na caoirigh, ach seachas san, bhí sé galánta ar fad.
Chasamair ar clé, isteach sa Bhearna Snámha, agus leanamair ar aghaidh i dtreo Comar na nUiscí.
Bhí orainn dul fé Droichead an Sean-chora ag deireadh an Bearna Snámha, agus bhí sé soiléir go raibh neart uisce ann tar éis an bháisteach ar fad a bhí ann le cúpla lá anuas. Bhí sé píosa spleodrach ag dul fé, agus mar gheall ar an saorbhord íseal sa chanú seo, tháinig cuid maith uisce isteach.
Ní raibh aon baol ann, ach fhliuchadh mála codlata John, agus tháinig uisce isteach i mo bhuataisí 😒.
Thaoscamair an t-uisce amach as an gcanú, agus bhí sos beag againn roimh leanúint ar aghaidh go dtí Iostán Daimhinis.
Ní raibh aibhléis acu sa siopa in Daimhinis, agus ní rabhamair in ann cupán tae a fháil dá bhrí sin, ach bhí sólaistí beaga againn sara leanamair ar aghaidh timpeall Loch Mhucrois.
Chuamair timpeall Loch Mhucrois tuathail, síos leis an ngaoth, agus ar ais in aghaidh an gaoth. Ní raibh sé éasca teacht ar ais, agus b'fhéidir gurb botún ann dul sa slí sin.
Nuair a thánamair fé Droichead an Bhricín, bhíomair ar Loch Léin ar deireadh, agus bhí sé in am áit campála a aimsiú.
Chonaiceamair píosa talún glas, i bhfad uainn ar chlé. Cheapamair go raibh faiche ann, agus ní rabhamair chun campáil i ngairdín príobháideach. Ach tar éis nóiméad, thugamair fé ndeara ná raibh teach ná bóthar ar bith sa treo san, agus chinneamair dul ann le fáil amach céard é an scéal.
Nuair a bhíomair ag teacht i ngar leis, bhí sé soiléir ná raibh éinne abhaile. Fothrach mór a bhí ann, le sean-gharraí ina thimpeall. Bhí sé ar nós an caiseal sa scéal-sí 'Codladh Céad Bliain'.
Tá a fhios anois agam gur Teach Gleann Ágha a bhí ann, agus tá stair fada agus suimiúil bainte leis. Tá an-chuid eolas fé sa bhlag iontach seo.
| Teach Gleann Ágha, mar is a bhí. |
![]() |
| Teach Gleann Ágha, mar is atá, sa lá ata inniu ann. |
![]() |
| Cé ná fuil an teach chomh maith is a bhí, tá an faiche seo fós iontach le haghaidh campáil. |
Tar éis foscadh tarpóil agus na pubaill a chuir suas, bhí sé in am beagán dinnéar a dhéanamh.
![]() |
| A leithéid de radharc agus mé ag déanamh mo dhinnéar. |
Bhí stobhach i bhfleasc ag John, agus bhí prátaí beaga agus cloicheáin friochta le peisteo agus cáis Goibín leáite agamsa.
Sinn sáite le bia, chinneamair dul ar siúlóid tríd an gcoill. Bhí sé dorcha agus marbhánta istigh ann leis na ródaideandrón fiáin i ngach áit, agus chuirfeadh sé an Mirkwood sa Hobad i gcuimhne duit.
Chonac an caonach aisteach seo ag fás ar chloch, agus bhí a fhios agam bonn láithreach nach gnáth caonach a bhí ann.
De réir dealramh, ní caonach ata ann in aon chor, ach saghas raithneach beag bídeach darbh ainm "dallán coille", nú hymenophyllum tunbrigense.
![]() |
| An-chuid fianaise ar na tinte fiáine i 2021. |
Ar ais ag an spota campála, bhí tráthnóna an-sibhialta againn. Bhí an buidéal fíon le chríochnú, agus trealamh John le triomú.
Bhí aimsir agus radharc den scoth againn, agus comhrá agus craic leis dar ndóigh.
Bhí aimsir agus radharc den scoth againn, agus comhrá agus craic leis dar ndóigh.
Le mála codlata John tíortha in aice an tine, b'in deireadh leis an gcéad lá.
| Ár rian sa chanú inniu. |
| Ár rian ag siúl sa choill. |
D'éiríomair go moch ar an tarna lá, agus spéir geal-gorm os ár gcionn.
Thógamair ár gcuid ama ag ullmhú bricist 'is ag pacáil síos na pubaill 'is araile. Bhí drúcht láidir ann, agus bhíos ag iarraidh gach rud a chuir i dtaisce tirim.
Nuair a chuamair ar snámh arís, chloíamair leis an mbruach thiar den loch.
Bhí an t-ádh dearg orainn nuair a chonaiceamair iolar mara ag eadarbhuasú os ár gcomhar go hard sa spéir.
Bhí raidhse ealaí ar An Leamhain. Bhíomair ag iarraidh gan cuir isteach ortha, ach bhíd an-ghiongach.
![]() |
| Túr Dhún Lóich |
Bhí píosaí beaga uisce reatha agus fánsrutha bídeacha féna droichid.
Stadamair le haghaidh sólaistí agus greim beag, agus dheineas iarracht córas/smacht ní b'fhearr a chuir ar an trealamh ar fad sa chanú.
![]() |
| Ní raibh mórán codladh ag John aréir! |
Agus go tobann bhíomair i gCill Orglan arís, agus bhí an aistear chríochnaithe!
B'fhearr liom leanúint ar aghaidh go dtí an fharraige, ach seans go ndéanfad é sin lá éigin eile.
| An rian sa chanú inniu. |
Ní raibh le déanamh anois ach dul ar ais sa charr chun mo veain a fháil (gan locht ná smál air), ach ar dtús, bhí am againn le haghaidh cupán tae agus bonnóg sa Fishery arís.
Agus seo thíos an físeán ón dturas.












































