Sunday, 28 July 2024

20240728 - Cuan Dor

Mar is gnách gach bliain, iarrann eagarthóirí snámh carthanais ar an gclub tacaíocht a thabhairt dóibh, ó thaobh sábháilteacht na snámhóirí ar an uisce de. Inniu bhíomair ag cabhrú i gCuan Dor agus an Snámh Bréantrá i gcomhar an RNLI.

Bíonn píosa spraoi ann i gcónaí ag na himeachtaí seo, agus tá sé go deas cabhair a thabhairt don comhphobal inár dtimpeall, ach go minic bíonn i bhfad níos mó spraoi ann tar éis na himeachtaí.



Inniu, d'fhógair Derry O'Regan go raibh sé chun turas beag a threoiriú tar éis an snámh, agus bhíos breá sásta dul leis.
Bhí grúpa beag ann, Derry, mise, Anna O'Keefe, Rob O'Brien, Betty Woulfe agus Pat O'Grady, agus chuamair amach an cuan, agus ó dheas go dtí Oileán Eve agus ansin Oileán Adam.

Derry & Anna & Pat



Rob & Anna & Derry

Ó Oileán Adam, chasamair soir i dtreo Rinn Ó Grianna (Goat's Head) agus Faill na Seabhac. Ar an slí, bhuaileamair le cabhlach dragons ag teacht isteach. Deireadh de rás éigin a bhí ann, measaim.

Pat agus na dragons!

Anna & Betty

Pat & Derry

Anna & Betty

Stopamair ag Prison Cove le haghaidh sos beag agus greim bídh, agus isteach linn go dtí Bréantrá arís.

Lá deas eile le comhluadar breá a bhí ann.

Wednesday, 24 July 2024

20240723 & 24 - Turas campála - Oileán Chléire.

Tá mo mhac Tadhg ag obair ar Oileán Chléire ag Maratacht fé láthair, agus tá a áis snámhachta (agus an-chuid nithe beaga eile) dearúdta aige sa bhaile. Bhí suim agam dul amach chuig an oileán ar aon nós, ach anois bhí cuspóir agam. Is buachaill seachadta anois mé!

Cheapas go mbeadh dream beag ag teacht amach liom le haghaidh an oíche campála, ach ag an deireadh ní raibh éinne eile in ann teach liom, ach bhí suim ag Tess agus Andrea Vallaincourt-Alder teacht ar turas lae amháin.

Bhuaileamair le chéile ag Cuas Audley, agus amach linn i measc na hoileáin Loch Trasna. Ba í Andrea a ghlac na fótagraif seo thíos.



Ros Brain.




Doirín na Trá.




Mweel Ledges, in aice Oileán an Chaisleáin



Chuamair leath slí timpeall Oileán an Chaisleáin agus stopamair ag dhuirling beag i gcuas éigin le haghaidh píosa bídh.
Tar éis an lón, d'fhágas slán ag an mbeirt bhan, agus thugas mo aghaidh i dtreo mo cheann scríbe.



Nuair a bhaineas an fánán lasmuigh de Trá Chiaráin amach, chuireas suas mo phuball...


...agus chuas á lorg mo mhac. Bhí seachadadh le déanamh agam!


Fáilte mór romham ag Tadhg agus a chara (agus comhghleacaí) Lara.
 
An maidin dar gcionn, bhí sé eagraithe go dtiocfadh Moira Creedon amach as An Scoil chun bualadh liom ag Trá Chiaráin. 
Ach thugas fé deara nuair a bhíos ag pacáil suas mo threalamh go raibh ceo troim ann, agus bheadh sé deacair ar Moira teacht amach tríd. Ní rabhas buartha, ní raibh sí déanach fós, agus is céaslóir den scoth í Moira, ach bhí sé ar chúl m'aigne agus mé ag déanamh mo ghnó.

Bhí bricist deas agam le mo chara Siobhán Cadogan ina teach saoire ar an oileán, agus fuaras téacs ó Moira go raibh sí ar a slí, agus go mbeadh sí ag éisteacht ar an raidíó VHF.

Nuair a bhíos nach mór réidh chun imeacht, bhíos ar éirí beagáinín buartha fé Moira, agus chuireas glaoch uirthi ar an raidíó - gan freagra.
Leath uair a chloig ní ba dhéanaí, agus fós gan freagra, bhíos buartha anois, ceart go leor...ach ar deireadh fuaras freagra ar ais ó Moira. Bhí tuin áirithe ina glór, agus bhí a fhios agam go raibh sí fé struis, ach dúirt sí go raibh sí CGL, agus bheadh sí ann i gceann fiche nóiméad.

Nuair a bhain sí Trá Chiaráin amach, bhí faoiseamh mór uirthi. Dúirt sí liom ná raibh sí in ann faic a fheiscint amuigh sa bhá, agus chuaigh sí go dtí an taobh mí-cheart de oileán An Lao Thiar (áit nach deas le tonnta ag teacht isteach) ach lean sí an treo-uillinn chompáis, agus bhí si an-sásta nuair a chuala sí mo ghlór ar an raidíó. Ní raibh sí i bhfad as Oileán Chléire fén am sin, agus lean sí an cladach isteach go dtí Trá Chiarán.
Agus anois bhíomair réidh chun an turas a thosnú!

Thosnaíomair amach le taobh cósta an oileán, thar na focaisí in aice Oileán Éanna, trasna Súnta an Ghaisceanáin, taobh theas de Oileán Broc, agus le taobh cósta theas Inis Arcáin.

Bhí sos bídh againn ag Trá na Phraisce, agus ansin chuamair idir Oileán Dhúlaing agus Rinn na Spáinne (Baile Uí Loingseacháin) ar ár slí soir.

Nuair a shriochamair Tráigh Omna, bhí a fhios againn go raibh tuirse ag teacht orainn. Ghortaigh mé mo dhroim ag iompair mo chadhc lán le trealamh ón bhfánán ar maidin, agus bhí 10km níos mó ná mé déanta ag Moira cheanna féin ar maidin (ná habair an fuinneamh mothúcháin caite aici freisin!).
D'éiríomair as, sásta leis an méid déanta againn. 

Chuireas glaoch ar Joanne teacht go dtí Traigh Omna (6km ó mo theach) agus phioc sí suas mé. Ansin tháinig Josh, páirtí Moira, agus phioc sé suas í.

An-deas ar fad!


Saturday, 20 July 2024

20240720 - Tromluí ar an Aighlinn

Is iomaí uair atá an chuid den Aighlinn ón Chathrach síos, déanta agam. Bhí fonn orm píosa nua den abhainn a dhéanamh, agus bhí fonn ar Tess teacht liom ar an taiscéalaíochta.

Bhíos ag súil go mbead an leibhéal íseal. Ní rabhas ag iarraidh triail ar áit nua agus tuile ann. Leis an méadar (Droichead Bhéal Átha an Chaolaigh) ag 4.88m, bhí a fhios agam go mbeadh sé íseal go leor.

Chuireamair isteach ag Droichead Ahanafunsion (Átha na Foinsí/Foinseán?), agus bhí a fhios againn láithreach go raibh an abhainn fíor íseal - tirim, beagnach!

An chéad rud a bhí ann ná eas, díreach fén droichead, ach bhí an eas nach mór tirim, dá bhrí sin, carraigeacha móra a bhí ann, agus níorbh mór dúinn dreapadh síos tharstu.
Bhíos sásta go raibh sé tirim áfach; seans maith go mbeadh sé contúirteach le mórán uisce ann.

Maith go leor, d'fhéadfadh sinn an céaslóireachta a thosnú anois...


... ach ní raibh an dhóthain uisce ann chun mo chanú, ná cadhc Tess a chuir ar snámh, formhóir den am.

"Boulder Garden" a thugann cadhcóirí ar an saghas áit seo. Déarfainn go mbeadh an-spraoi ann leis an abhainn leath-méadar níos airde, ach inniu bhí sé fíordheacair orainn na báid a tharrac tharstu.


Nuair a shriochamair Droichead Maoiní, bhíomair tuirseach cheanna féin, agus phléamair éirí as ag an bpointe sin agus siúl ar ais go dtí an carr, ach cheapamair go mbeadh feabhas ar an scéal ag deireadh an altán seo. Chinneamair leanúint ar aghaidh go dtí Cathrach, áit a bhí carr Tess fágtha againn.


Cé go raibh paistí doimhne beaga ann, ó am go chéile, ina rabhamair in ann céaslú, an chuid is mo den am, bhíomair ag siúl agus ag iompair na báid.



Ag deireadh na hailte, ní raibh a lán athrú ar an scéal. Carraigeacha móra ar fud na háite, agus gan a lán uisce.
Bhíomair ag súil arís go mbeadh athrú tar éis an droichead ar an R586, taobh thiar de Droim Dhá Liag, Droichead na hAighlinne, ach níos mó don méid céanna a bhí i ndán dúinn. 
Bhíomair tuirseach traochta um an dtaca seo, agus aiféala orainn nár éirímid as thuas ag Maoiní.

Droichead Drom Osta.






Leanamair ar aghaidh pé scéal é (cén rogha eile a bhí againn?), le fios againn go rabhamair ag baint ár gceann scríbe amach de réir a chéile.
Ach breis is ciliméadar amháin taobh thuaidh de Cathrach, nuair a bhíomair ag ceapadh go rabhamair nach mór ann, gan choinne bhí eas ollmhóir ann ós ár gcomhar. Do bhí orainn rópaí a úsáid chun na báid a ísliú síos, thar na carraigeacha, agus dreapadh síos go h-an-fhaichilleach ina ndiaidh.

Cuid beag den eas ag Anngram.

Roimhe seo, bhí an turas seo deacair agus mí-shásúil, ach anois bhí sé ag éirí dainséarach.
Ar a laghad, ba é sin an constaic suntasach deireanach  romhainn; píosa eile siúil, tarraingt agus céaslú , agus bhíomair ag an ndroichead i gCathrach, fé dheireadh.

Thóg sé nach mór 6 uair a chloig dúinn, agus níor thaistealamair ach 8.5km. Ag an tús, bhíomair ag súil le turas timpeall dhá uair a chloig go leith, ar an méid. Bhíomair tinn tuirseach, lag agus ocrach, ach ar a laghad bhíomair slán sábháilte.