Sunday, 31 August 2025

20250831 - Surfáil Tráigh Omna

Bhuaileas le Brian Granaghan inniu ag an Féile Bia sa Sciobairín. Luaigh sé go mbeadh tonnta deasa ag Tráigh Omna ní ba dhéanaí, an oiriúnach le haghaidh surfáil. Ghealas go mbeinn ann in éindí leis!


Gan fótagraif ná físeán, bhí seisiúin den scoth agam, cé go raibh snámh amháin agam.

Ag an deireadh, níor tháinig Brian in aon chor (d'imigh sé agus na bordies eile go Inse Duine), ach tháinig Ronan O'Brien, agus bhí an-spórt againn.


Wednesday, 27 August 2025

20250827 - Tráthnóna Céadaoin.

Amuigh arís tráthnóna, ach an gnáth seisiúin Céadaoin WCKC a bhí ann an uair seo.

Bhí sé bréitseach a dhóthain agus chaitheamair ár gcuid ama ag cleachta scileanna tarrthála agus féin tarrthála.

Ina dhiaidh sin, bhí spraoi againn i measc na carraigeacha.

An-spraoi ar fad.



Tuesday, 26 August 2025

20250926 - Ceann Chill Mhantáin

Bhíos ar ais i mBaile Átha Cliath inniu le haghaidh cruinniú teaghlaigh, agus chun Tadhg a bhailiú ón aerfort, dá bhrí sin ghlacas an deis bualadh le Moira Creedon, agus triail a bhaint as an gcaise mhara cáiliúil ag Ceann Chill Mhantáin.

Bhuaileamair le chéile ag Calafort Chill Mhantáin agus leanamair ó dheas ar fad an cósta go dtí an ceann-tíre.
Bhí an sruth ag rith go tréan ag luas os cionn ceithre chnota, measaim. Bhí an gaoth flách freisin, agus feothain gaoithe láidre ann, agus idir an sruth, an gaoth agus an suaille ag teacht isteach ón Muir Éireannach, bhí na dálaí teaspach go leor.

Tar éis tamall, bhíos sáite leis an spraoi ann, agus bhí an taoide ag laghdú ar an nós, agus chinneamair filleadh ar ais go dtí an caladh. Ach ar an slí, bhí an spraoi againn i measc na carraigeacha, na uaimheanna, na áirsí agus na góilíneacha.

Seo thíos mo fhíseán ón lae.



Thursday, 21 August 2025

20250821 - Ceann Bró

Ar ais arís, agus dúil mór agam dul amach ag cadhcáil arís.
Bhí orm Odhran a thógaint go dtí An Scoil maidin inniu, agus leis an dea-aimsir sa réamhaisnéis, d'eagraíos le Typhoon Tess, Dave Glasswell agus Rob O'Brien go raghaimid amach as Trá Leacain Mhic Aodh (aka Stoney Beach) amach go dtí Ceann Bró, mórthimpeall an ceantar na Mhealbhóige.

An uair deireanach a bhíos anso, thugas fé ndeara go bhfuil foirmíochtaí charraige den chéad scoth ann, agus bhíomair ag súil le thaiscéalaíocht a dhéanamh ortha.

Istigh  in sna uaimheanna, chonaiceamair na mílte smugairlí róin.



Bhí sé an-deas a bheith amuigh fén aer úr arís, agus bhaineas an-taitneamh as an eachtra beag so.