Bhí an imeacht snámha "Gadding About Garnish" ar siúl tráthnóna, agus d'eagraigh Dave Elwood go dtiocfadh cadhcóirí ó fud fad an contae chun tacaíocht.
Chinneamair in WCKC go ndéanfaimis turas beag deas roimh ré. Chruinníomair ag Carraig Eibhlín ar maidin, agus as go brách linn!
Chuamair ó dheas agus ansin siar ó dheas i dtreo Oileán Síolán.
Tar éis dul timpeall sin cúpla uair, chuamair i dtreo an cé ag Doirín an Chairn. Tugtar "Zetland" ar an gcé seo, ach níl cliú dá laghad agam canathaobh.
Bhí lón breá againn ann. De seans ait, bhí maróg Nollag agam le roinnt, agus bhí císte Nollag ag Robert le roinnt freisin. Cheapamair go raibh an comhtharlú san fíor greannúir, ach nuair a thóg Pa uachtar reoite amach as mála fuair, le roinnt eadrainn freisin, bhí ionadh an domhain orainn!
Ar an slí ar ais, nuair a bhíomair i ngar le Illaunthieve, chonaiceamair rudaí aite ar na carraigeacha cois farraige. Nuair a bhíomair ní ba ghiorra leo, thugamair fé ndeara gur gabhair a bhí iontu.
Thógamair ár gcuid ama ag filleadh ar ais go Carraig Eibhlín, agus chuamair timpeall Oileán an Chuilinn ar an slí.
Bhí an t-ádh dearg orainn an gearrcach iolair ar an nead i gcrann in aice an cladach.
Seo thíos físeán Pa ón lae.




















