Le fada an lá, bhí dúil agam na pointí leithinse Iarthar Chorcaí a dhéanamh. Tá an-chuid ama caite agam in sna bánna agus cuanta, ach bím i gcónaí ag lorg dúshláin nua agus eachtraí nua. Níos luatha sa samhraidh, bhí deis agam Carn Uí Néid a dhéanamh, agus inniu, ar deireadh, bhí deis agam Rinn Mhuintir Bháire a dhéanamh.
Ní raibh an réamhaisnéis ró-shocair; gaoth aniar, réasúnta teaspach, ach dream cruaigh in éindí liom a bhí ann - Ronan O'Brien agus Tess Glanville.
Thosnaíomair ag Trá Ruaim, ar an taobh theas den leithinse, agus bhí foscadh againn ann óna tonnta, ach fós bhíomair ag céaslú in aghaidh na gaoithe. Bhí an dul chun cinn mall, ach bhí tírdhreach garbh agus álainn le feiscint againn.
![]() |
| Ronan agus an comhartha Éire 31. |
![]() |
| An teach solais. |
![]() |
| An ceann tíre. |
![]() |
| Sceitimíní orainn é a bhaint amach. |
Chomh luath is a chuamair timpeall an ceann tíre, bhí sé soiléir go raibh a t-uisce i bhfad ní ba theo i mBá Beanntraí ná i mBá Dhún Mháinis (n'fheadar cén fáth), agus go raibh sé i bhfad ní ba ghairbhe ann freisin.
![]() |
| Bíonn Ronan i gcónaí ag cleachtadh a chuid scileanna. |
Thaitin an suaitheadh farraige linn, tugann sé gné eile don turas. Pé scéal, bhíomair ag déanamh an-dul chun cinn anois, leis an ngaoth lenár dtóineanna.
Do bhí cuasanna ann go rialta le taobh an cladaigh, agus chuamair isteach ionta le haghaidh sosanna. I gceann amháin, do bhí turtar mara ann, ag snámh ar barr an uisce. Bhaineamair geit as a chéile!
![]() |
| Sos tuilte ag Tess tar éis píosa snámh beag. |
Chríochnaíomair ag Gort na Cille, agus sinn go léir breá sásta leis an dturas gairid, ach sásúil.













