Saturday, 21 March 2026

20260321 - Eochaill go dtí Baile Choitín

An deireadh seachtaine atá ann agus dea-aimsir tagtha fé dheireadh.

Bhí dream mór ón gclub ag dul amach ag Cionn tSáile, ach chuaigh Ronan agus mé féin soir go dtí Eochaill chun an cuid is sia soir sa chondae a thaisteal.

Nuair a dfhágamair an fánán bhí an aife tagtha agus feacht láidir ann cheanna.

D'imíomair thart ar an mbaile mór agus an chéad rud a chonaiceamair ná tonnta deasa beaga agus bhí orainn beagán surfáil a dhéanamh ortha!

Leanamair an cósta siar go dtí Oileán an Cháplaigh, agus chuamair timpeall, ag stopadh ann le haghaidh greim bia.

Bhí an-chuid róin agus éanlaithe ann, ach iolar mara níor chonaiceamair.


Tar éis sos beag, churamair ar snámh arís, ag dul siar i gcónaí, thart ar Ceann Chnoc an Dúin agus isteach go Bá Baile Choitín.

Stadamair arís ag Trá Baile Uí Chríonáin le haghaidh an lón, ach ina dhiaidh san d'éirigh an ghaoth, agus cinnte go raibh sí inár n-éadain!


Turas an-deas a bhí ann, agus nuair a shriochamair Baile Choitín, bhíomair tuirseach, ach sásta go bhfuil an chuid oirthear an contae déanta anois againn.




Saturday, 14 March 2026

20260314 - Amuigh ar Loch Rí

Ní rabhas sa bhaile ach cúpla lá, agus gan deis ar bith dul amach ag céaslóireacht, nuair a bhualas bóthar arís go dtí Baile Átha Luain le haghaidh cruinniú mhuintire. Ghlacas an deis chun dul amach ar Loch Rí sa Taran ar maidin breá geall.

Chuireas ar snámh ag Gob Chuasáin, gar leis an stáisiún RNLI, ag breacadh an lae agus d'iompaíos m'aghaidh ó thuaidh.

Bhí sé breá úr ag an am agus beochan gaoithe ann, ná rabhas ag súil leis dáiríre. Pé scéal, bhíos sásta sna dálaí agus leanas ar aghaidh timpeall Inis Mór agus Inis Torc.

Ar an slí ar ais chuas timpeall Inis Ainín.

Áit an-deas atá ann. An-difriúil ón gcósta Iarthar Chorcaí, ach lán le fia-éanlaithe agus dúchas daonra.

Ba bhreá liom níos mó taiscéalaíochta a dhéanamh, ach b'in an méid.


Seo thíos mo fhíseán ón dturas.


Dála an scéal, roimh an lón bhíomair ag siúl in aice an loch ag Port Lice nuair a chonac veain páirceáilte le Adventurekit.ie scríofa air. D'aithin é an veain sin mar veain Tony Hawkridge, agus cé a bhí ag teacht isteach ón loch ina chadhc féin díreach ag an am san ach Tony féin.
Bhí sé an-deas bualadh leis, ach ba mhór an trua é ná raibh a fhios agam roimh ré go raibh sé ag cónaí chomh gar leis an áit.

Saturday, 31 January 2026

20260131 - Seisiúin linne.

Ba é an seisiúin linne deireanach na bliana anocht é, agus bhíos meáite go mbainfinn gach aon tairbhe as.

Thógas an P&H Virgo agus an Dagger Rewind liom, agus bhaineas trial as an P&H Scorpio ag Matthew.

Thosnaíos sa Virgo, agus bhí Ronan ag cabhrú liom - ag féachaint orm ag iarraidh mo chuid botúin a fheiscint agus comhairle agus ais-eolas a thabhairt dom. Ag an am céanna, bhí sé á mo thaifead leis an nGoPro, ionas go féidir liom féachaint ar mo chuid bhotúin mé féin!

Ar dtús, bhaineas triail as an athiontráil a dhéanamh, agus dar ndóigh níor oibrigh sé. Chuas siar ansan le cúpla rolla a dhéanamh. Le ais-eolas ó Ronan fé mo rothlú colainne, go tobann bhraith cúrsaí i bhfad ní b'fhearr.

Bhaineas triail as an athiontráil arís, ach ní rabhas réidh fós. Ansin dheineas malartú le Matthew. bhain seisean triail as an Virgo, agus bhaineas féin triail as a Scorpio.
An chéad rud a bhraiteas sa Scorpio ná go raibh an cró mór go leor, agus go raibh an fearas i bhfad ró-scaoilte. Is fear mór é Matthew, cosúil liomsa, ach níl sé chomh mór san, agus san cuid den fhadhb atá aige ag iarraidh rolláil, measaim. An tarna rud a fhoghlaimeas ná go bhfuil an Scorpio an-éasca le rolláil.

Ina dhiaidh cúpla nóiméad ag pleidhcíocht sa Scorpio, chuas ar ais go dtí an Virgo chun iarracht amháin eile a dhéanamh ar an athiontráil - agus iontas na n-iontas, d'éirigh liom (ar éigin).

Sásta sa Virgo ar feadh tamall, bhogas go dtí an Rewind
Tháinig spadhar éigin orm cúpla bliain ó shin an cadhc bán-uisce seo a cheannach, ach an fhirinne a rá, níor bhaineas mórán úsáid as mar níl an "half-slice stern" oiriúnach dom, ach go háirithe ar fhíoruisce reatha "bán". Téim ag surfáil inti, ó am go chéile

N'fheadar cén fáth, ach tagann an rolla níos éasca dom i mbáid bán-uisce beaga mar seo. Ceapaim go bhfuilim ábalta neart a úsáid iontu seachas teicnic ceart, ach b'fhéidir go bhfuil níos mó ná san i gceist.
Pé scéal, bhí píosa spraoi agam sa Rewind anocht sa linn.

Bhí an seisiúin nach mór thart um an bpointe seo, agus bhíos meáite athiontráil ceart amháin eile a dhéanamh roimh imeacht - le faoiseamh í mo chroí, d'éirigh liom.

Bead ag dul ar ais ag obair go luath, agus is é seo mo sheans deireanach aon cadhcáil a dhéanamh le tamall. Tá súil agam go mbeinn in ann an muinín seo a iompar liom go dtí mo chéad deis eile, agus mé amuigh sa fiántacht.



20260131 - Ag éirí cleachta leis an Taran - uisce reatha.

Tá mo chuid ama sa seal seo abhaile ag teacht chun deireadh anois, agus bhíos ag iarraidh gach aon deis a ghlacadh dul amach agus úsáid a bhaint as an Taran ach go háirithe.

Bhí dúil agam triail aisti in uisce reatha, nú srúill, agus áít an-oiriúnach de sin ná an t-ineasclann ag Loch Oighinn.
Chuireas cuireadh amach do gach éinne sa chlub teacht amach liom, ach moch maidin De Sathairn bhíos fágtha i mo aonar. Ní rabhas chomh sásta dul ann gan tacaíocht, ach chuas amach ar aon nós.

Chomh luath is a bhaineas an t-ineasclann amach, bhraitheas fad an bháid go díreach. Cinnte go raibh luas ann - bhíos ábalta dul in aghaidh an srúill go dtí na tonnta chónaitheach go réidh, ach bhraitheas an-chiotach ag dul trasna an tsrutha.
Bhraitheas an-neamhsheasmhach ag dul trasna, agus de dheascaibh sin bhí orm buillí tacaíochta a dhéanamh. Dá mbeinn ag déanamh buillí tacaíochta, ní rabhas ag déanamh buillí chun tosaigh - agus dá bhrí sin, ní raibh mórán éifeacht le baint as an stiúir. 

Tar éis tamall beag, cheapas ná rabhas ró-chompordach níos mó a dhéanamh i m'aonar, ach chinneas beagán cleachta rollála a dhéanamh in áit éadomhain roimh filleadh ar ais.

Cheapas go mbeach sé seo fuirist a dhóthain ina dhiaidh mo chleachtadh sa linn an tseachtain seo chaite, ach bhí dul amú orm!
Theip orm an chéad iarracht agus an dara iarracht. Bhí rolla iontacht agam ar an triú iarracht, ach theip orm arís agus arís eile ceithre uair ina dhiaidh sin. Bhíos mearaithe agus cuirthe as fé seo. Ní raibh fhios agam cad difriúil a bhí á dhéanamh agam an uair a d'oibrigh sé óna huaire nár oibrigh sé. Cad a bhí difriúil á dhéanamh agam sa linn?

Ar an slí abhaile, chuireas glaoch ar Ronan agus d'iarras ar cúnamh a thabhairt dom sa linn anocht. Ní mór dom fáil amach faoi dheireadh is faoi dheoidh cad atá ag dul amú le mo rolla.



Monday, 26 January 2026

20260124 - Ag éirí cleachta leis an Taran - rolláil.

Bhí seisiún na linne ar siúil anocht i nDún na Séad agus ghlacas an deis triail a bhaint as modhanna féin-tarrthála a dhéanamh sa Taran.

Bhí dhá GoPros agam chun físeán a dhéanamh díom féin. Bíonn a lán le foghlaim fút féin agus fé do oiliúint ag féachaint ort féin ó radharc eile.

Is mór an trua é, ach thaifead an ceamara ar an gcúldeic daichead nóiméad de dubh amháin, agus an ceann eile a bhí ag Christian, bhí sé droim ar ais ina ghlac aige!


Pé scéal é, ar dtús bhí gach rud éasca. Dheineas an-chuid rollaí, ar an dá thaobh, agus ansin thriaileas as an athiontráil agus rolláil suas, agus d'oibrigh sé go han-tapa. An fhirinne a rá, thánag aníos chomh tapa sin gur thiteas thart ar an taobh eile agus chuas bun os cionn arís. Ach rolláil mé suas arís gan fadhb.

Bhíos an-sásta le cúrsaí um an bpointe seo, ach chinneas ba mhaith liom níos mó a fheiscint, chun feabhas a chuir ar mo theicníc, agus chuireas masc tumadóireachta ar mo aghaidh, ach ina dhiaidh sin chuaigh gach rud amú.
Go tobann theip gach iarracht orm, pé rud a bhíos á dhéanamh. Bhaineas an masc díom, ach fós bhí fadhbanna agam ná raibh ann roinnt nóiméid ó shin.

Tar éis tamall tháinig rudaí le chéile arís, beagán, ach an rud ba mheasa ná gur bhriseas mo chéasla.


Thursday, 22 January 2026

20260122 - Ag éirí cleachta leis an Taran - tonnta.

Chinneas dul amach ar chlagfharraige sa Taran arís inniu.

Tá suaill fós ag teacht isteach ón iarthar, ach níl sí chomh mór is a bhí le déanaí. Bhí a fhios agam go mbeadh dálaí go breá laistigh sa chuan, ach bhíos fiosrach conas a bheadh taobh amuigh.

Bhí gaoth feothan cuimseach láidir ag teacht isteach aniar-aneas, agus de dheascaibh sin chloíeas le cladach an bá am mo shlí amach.

Nuair a shroicheas Flea Sound, bhí sé soiléir go raibh sé corraithe go leor agus chinneas casadh timpeall arís.
Ina dhiaidh sin, leis an gaoth agus na tonnta taobh thiar dom, bhraitheas compordach arís agus chinneas dul i dtreo oileán Sceide, ach nuair a bhíos nach mór ann, loic mé agus chasas isteach go Bá Gleann Barrcháin arís.







Saturday, 17 January 2026

20260117 - Ag dul amach le seanchara

An deiridh seachtaine seo táim i gContae an Chláir le mo sheanchairde. Tá teach ar cíos againn i gCoillte, agus beimid ag imirt cluichí (cártaí srl.) leis an gcuid is mó den am. Ach ar maidin, bhí deis agam dul amach le Bren ar feadh tamall beag.

Chuamair amach ón gcé ag Ceathrú na gCros, nú Seafield mar a thugtar air i mBéarla, le fonn orainn dul timpeall Oileán Caorach, ach do bhí suaill iontach mór ag teacht isteach aniar agus dá bhrí sin bhí na dálaí corraithe an dhóthain.

D'fhoghlaim Bren agus mé féin ár gcuid cadhcáil le chéile mar ghasúir sna Gasóga Mara i mBaile Cliath, ach sa lá ata inniu ann bíonn sé an cleachtadh ar an abhainn Elbe in Dresden - áit a bhfuil na huiscí mín i gcónaí. Níl sé chomh chompordach sna dálaí clabach a thuilleadh agus chinneamair casadh timpeall tar éis tamall.

Mar sin féin, bhí sé an deas bheith amuigh lé chéile arís (an chéad uair le blianta), bhí píosa spraoi againn, agus an-chuid caint agus craic.











Tuesday, 13 January 2026

20260113 - Inbhear an Aighlinn agus Rinn Gearróige.

Lá breá ciúin agus socair a bhí ann, agus chinneas dul ar turas réasúnta fada sa Taran. Níl an muinín agam fós as chun dul ar uiscí garbha inti, ach bheinn breá sásta dul ar uiscí foscaithe inti. De deascaibh sin, chuas ar snámh ag Duílis (gar leis an Sciobairín) agus síos an Aighlinn liom.


Bhí sé suimiúil dul thart ar an gClub Rámhaíochta cáiliúil, thart ar an tSean Chúirt agus an bádchlós (inar chaitheas an-chuid ama deich mbliain ó shin), thart ar Inis Beag agus an teach bád álainn, agus ar ais tríd Hackett's Creek/Green's Channel arís.
Chuas thart ar Dún na Séad, tríd An Lag, fé Droichead an Laig agus amach tríd an gcuisle farraige idir oileán Rinn Gearróige agus Inis Beag, agus suas an Aighlinn arís.


Nuair a bhaineas Duílis amach arís, bhí nach mór 13 muirmhíle déanta agam ag luas 4.6 cnota.





Saturday, 10 January 2026

20260110 - Amuigh le Tadhg

An rud is annamh is iontach - d'iarr mo mhac Tadhg orm dul amach leis ag cadhcáil inniu.

Bhíos lán sásta gur iarr sé orm aon rud a dhéanamh leis ach, go háirithe cadhcáil, mo chaitheamh aimsire féinig.

Bhíos ag súil go mbeadh eispéireas maith aige, agus fios maith agam nach maith leis uisce reatha nú dálaí garbh in aon chor. Dá bhrí sin, chinneas go raghfaimid amach as calafort Dún na Séad agus timpeall an cuan amháin. Cé go bhfuil suaill mór fós ann amuigh ar an gcósta theas, ní raibh puth gaoithe ann agus bhí sé chomh mín le port, nú ina "chalm leadaí" mar a deiridís i gConamara.

D'fhágamair an calafort agus trasna linn go dtí "Hackett's Creek" idir Inis Píc agus Rinn Ghearróige.





Ina dhiaidh sin, chuamair i dtreo na Catalogues, ach bhí sé beagán ní ba ghairbhe na a thaitin le Tadhg. Chualamair timpeall Oileán an Ghainimh agus ar ais i dtreo an cuan.



Ar an slí ar ais, chonaiceamair dobharchú ag fiach in aice Lousy Rocks, agus chualamair lúnadáin (lóma móra) ag glaoch ar a chéile.


Turas gairid agus simplí a bhí ann, ach bhaineas an sult as. Uaireanta bíonn sé deas moilliú síos chun do scíth a ligint amuigh sa fhiántas, agus i bhfad níos deise fós é a dhéanamh i dteannta do chlann.




Friday, 9 January 2026

20260109 - Surfáil Inse Duine

2026 atá ann, agus táim abaile fé dheireadh!

Do thuirling mo eitilt isteach um meán oíche aréir agus bhaineas mo theach amach tar éis a haon a chlog. Cé ná raibh mórán codladh agam aréir, bhí an réamhaisnéis seo thíos feicthe agam, agus bhíos meáite ar dul amach ag surfáil láithreach bonn.


Bhíos beagán neirbhíseach tar éis a tharla ar mo bhabhta deireanach, ach go háirithe gan aon cleachtadh nú taithí faighte agam idir an dá linn (6 sheachtain), ach leanas ar aghaidh pé scéal é.


Dar ndóid bhí tubaiste ar mhuin tubaiste agam. Ní rabhas ábalta leis na dálaí ar aon chor, bhíos mall, bhraitheas lag, agus ní raibh mo rolla ag feidhmniú ar chor at bith.

Mar sin féin, bhí sé go hiontach a bheith ar ais ar na tonnta, agus tá fios maith agam anois cén saghas cleachtadh agus traenáil atá le déanamh agam.