Bhailíomair le chéile i gCuan Oisrí ar maidin i gcomhair turas eile san oirthear.
Dream deas a bhí ann - Dave Elwood, Typhoon Tess Glanville, Debbie Heaphy, Helen Daly agus Jimmy Murphy (ina NDK Romany Sport nua!)
Bhí réamhaisnéis deas againn, leis an ngaoth aniar-aneas, ach bhí suaille ann, agus bhí sé bréitseach an dhóthain in amanna.
Nuair a chuamair amach as an gcuan, chasamair fé chlé, agus leanamair an cladach i dtreo Cuan Chorcaí.
Tar éis an chéad ceann-tíre suntasach, Ceann Barraigh, ghlacamair sos beag, agus sheiceáileamair go raibh gach éinne sásta, agus gach rud socair. Deis do Debbie a bhí ann freisin, a r-phoist oibre a sheiceáil agus cúpla a sheoladh!
Jimmy sona ina chadhc nua.
Gach duine socraithe, agus oifig Debbie dúnta arís, leanamair ar aghaidh i dtreo Ceann na Reann.
An chéad stad eile ná sos lóin ag Cuainín Riobaird.
Helen Daly.
Debbie, Helen agus Dave ag teacht timpeall Rinn an Fíadóra.
Jimmy agus Tess ag dul timpeall Ram's Head.
Bhaineamair ár gceann scríbe amach ag an bhfánán i mBun an Tábhairne, ach tar éis theip uafásach agam ag cleachtadh mo diabhal rolla arís :(
Ar chúl: Jimmy, mise. Sa lár: Helen, Debbie. Chun tosaigh: Tess, Dave.
Bhí coinne agam i gCorcaigh san iarnóin inniu, agus chinneas dul le haghaidh seisiún surfála gairid ag Inse Dhuine ar maidin, ar mo shlí.
Bhí John Daly chun teach liom, ach bhi sé déanach (iontas na n-iontas), agus thosnaíos i m'aonar.
Bhí an bruth go hálainn, glan ach beag. Bhí sé foirfe dom cleachta i mo aonar san uisce éadomhain.
Bhí roinnt den surfáil is fearr a dheineas riamh sa chéad leath uair sara tháinig John, ach nuair a dtáinig sé, dúirt sé go raibh mo GoPro ag féachaint síos ar an deic, aníos thaifeadadh aon rud!
D'éagraigh ár saineolaí féin, Joe Quinn, an seisiúin surfála inniu. Cúpla lá ó shin, bhí an réamhaisnéis surfála ar fheabhas...
,,,ach ar maidin, ní raibh sé chomh maith is a bhí.
Chinneamair leanúint ar aghaidh ar aon nós.
Agus bhí seisiún den scoth againn, cé go raibh an bruth beagán "salach".
Bhí snámh eile agam nuair a d'iompaíos béal fé, agus theip ar mo rolla arís. Ar dtús bhíos i mo sheasamh ar an oitir, ach nuair a thosnaíos ag iarraidh féin-tarrtháil a dhéanamh, go tapaidh scuabadh amach le gaoth mé as mo dhoimhneacht. Theip ar mo féin-tarrtháil freisin, agus go tobann bhíos ag streachailt, ag iarraidh snámh isteach leis an mbád.
Ní mór dom mo rolla a dheisiú i gceart. Níl sé sábháilte a leithéid de eachtraí a dheinimse a dhéanamh gan a bheith in ann braith ar an rolla, nú an féin-tarrtháil más gá.
Pé scéal, bhí spraoi iontach againn, seachas an seal beag sin amháin.
Tá Typhoon Tess tagtha abhaile ó Sasana le déanaí, agus cadhc deas nua aici. Le fada an lá bhí dúil aici in NDK Echo, cadhc oiriúnach do dhuine bídeach.
Bhí a fhios agam go raibh sí ag tnúthán le dul amach chun triail as, agus bhí fonn orm dul amach freisin, in ainneoin an drochaimsir, mar sin d'eagraíos turas gairid le chéile amach as An Scoil.
Bhíos ag ceapadh go mbeadh seans againn dul timpeall Inis Fada, ach bhí ólaithe millteanacha ag teach isteach Sunda Oileán Clutharach, agus chinneamair casadh thart.
Bhí rath ar an turas, cé nach raibh sé fada. Tá a fhios ag Tess cén saghas athruithe agus socruithe atá le déanamh aici ar na oiriúintí. Tá a fhios aici gur féidir léi éalú as, agus rolla a dhéanamh ann.
Bhí an cruinniú ginearálta bliantúil (AGM) den cumann (WCKC) eagraithe le haghaidh 16:00 sa Skibbereen Eagle, agus bhí suim agam turas a dhéanamh roimhe, Baile an Caisleáin go dtí Traigh Omna b'fhéidir, ach le cúpla lá anuas, bhí sé soiléir go raibh an aimsir ag dul in olcas. Cén dochar; bíonn rud éigin le déanamh i gcónaí agus d'eagraigh Joe go raghfaimís go dtí an t-ineasclann le haghaidh píosa spraoi ina áit.
Tar éis mo phíosa beag cleachta aréir sa linn leis an OC1, chinneas triail a bhaint as sa fánsruth, ach ón dtosach ní rabhas compordach. Ní rabhas istigh ann i gceart, bhíos i bhfad ró-ard, agus bhí sé pianmhar ar mo chosa. Bhíos ag streachailt céaslú go díreach fiú, agus fén am a shroicheas an t-ineasclann, bhíos thar a bheith tuirseach.
Tar éis cúpla uair dul trasna bun an srutha, chinneas gur drochsmaoineamh a bhí ann, agus d'fhilleas ar ais chun mo Virgo a fháil.
Scéal iomlán difriúil a bhí ann sa Virgo. Bhí neart spraoi agam ag dul sall is anall trasna an fánsruth, isteach is amach as na guairneáin, agus ag iarraidh an tonn ag bun na carraigeacha a surfáil.
Nuair a bhí Robert agus Joe ag eirí as, chinn Ronan agus mise dul timpeall go dtí Traigh Omna. Bhí gaoth láidir aneas ann, agus suaill mór ag teach isteach. Bhí sé spreagúil, amach is amach.
Agus iontas na n-iontas, nuair a bhaineamair Traigh Omna amach, bhí bruth den scoth ann, agus bhí seisiún surfála iontach againn. Ba oth linn imeacht le bheith in am i gcomhair an CGB, ach bhí an méid is fearr bainte as an lá againn cheanna féin.
Dheineas dhá fhíseán ón lae, ceann gairid díreach thíos, agus ceann fada fé sin.
Thug Pa cuireadh dúinn teacht leis ar an Sulán inniu. Bhí an leibhéal an-íseal, timpeall 0.65m ag an ndroichead i mBaile Mhic Íre, ach cheapas go mbeadh sé ceart go leor, beagán "scrapey" áfach.
Bhí ceathrar againn ann, Pa, mise, Helen Daly agus Rob O'Brien. Chuireamair isteach díreach lastoir den droichead i mBaile Bhuirne, agus thugamair fé ndeara láithreach go mbeadh sé fíor-scrapey ar fad.
Turas deas a bhí ann, pé scéal é. Thug sé deis eile dom mo scileanna batála a chleachta.
An t-aon fhadhb a bhí agam ná ghortaíos mo throigh clé nuair as d'iompaíos thart, cúpla ciliméadar ón ndeireadh. Bhí mo chos greamaithe idir an maide batála agus an tafta, ach ar a laghad tháinig sé saor sara bhriseadh é. Bhíos fíor buíoch as san gan dabht, in ainneoin an pian a bhí ann.
Ní rabhamair ag súil go mbeadh an ceann seo chomh achrannach, ach d'iompaigh Rob agus mise béal fé anseo. Tá sé ait, ach níor chuimhin mise ná Pa an áit seo ónar dturais roimh ré. Seans go bhfuil sé i bhfad níos éasca leis an abhainn beagáinín níos airde.
Bíonn na altáin ar an Sulán chomh séimh agus álainn.
Táim ar ais abhaile arís, agus dúil géar agam dul amach ag cadhcáil, mar is gnách tar éis 5 seachtain oibre.
Bhí réamhaisnéis breá oiriúnach ann le haghaidh turas inniu, agus scaipeas an scéal dá bharr.
Chruinníomair le chéile ag an gcalafort i nDún na Séad ar maidin, le tuairim dul deiseal timpeall Inis Arcáin. Tá an turas seo déanta agam cheanna féin, ach ceann breá is ea é, agus oiriúnach dom agus mé as taithí fé láthair.
Teacht Debbie. Is breá leis an gceamara Debbie, agus is breá le Debbie an ceamara!
Dea-radharc ar an bhfánán ar maidin.
Ar chúl - mise, Niall Leahy, Robert Merrick, Dave Glaswell. Chun tosaigh - Dave Elwood, Debbie Heaphy, Michael Tallent Murphy (Dublin Michael).
Chuamair an cuan amach fé "Lot's Wife", agus trasna go dtí Inis Arcáin fén teach solais.
Chuas ar cor bealaigh beag isteach go dtí "Horseshoe Harbour" le fáil amach an raibh áit ann le leaindeáil. Sa samhraidh seo chaite, d'iarr duine a bhí ag céaslú timpeall Éire comhairle uaim ar áit le campáil sa cheantair seo. Thugas cuid maith moltaí di, agus bhí Horseshoe Harbour ina measc.
Ach tar éis dul ann, bhí an té sin ar buile liom, agus ag rá ná raibh aon áit le leaindeáil ar bith.
Bhíos fíor brónach gur thugas droch-chomhairle, ach ag an am céanna cheapas go raibh áit ann, cé nach raibh mé ann le fada an lá.
Inniu, bhíos ag iarraidh an fhirinne a fháil amach...agus dar fia, tá áit ann! Níl sé foirfe, glacaim sin, ach tá spota ann le haghaidh an puball, achar beag ón mbóthar, agus 10 nóiméad siúl go dtí an Jolly Roger.
Pé scéal, táim ró-shásta a bheith amuigh ar an uisce le bheith nimhneach fé :)
Ar aghaidh linn, fad cladach theas an oileán, agus tríd Súnta an Ghaisceanáin.
Nuair a bhí an dream eile ag tógaint sos, ghlacas an deis dul timpeall Oileán Broc.
Bhí eachtra beag ag Dave ag teacht tríd an mbearna seo.
Bhí sos deas againn ansin ar tráigh Silver Strand.
Díreach tar éis an lón, bhí eachtra beag agam freisin, nuair a tháinig tonn mór anuas orm gan coinne.
Píosa beag "rock-hopping" ina dhiaidh sin, agus ansin chuamair díreach i dtreo an cladach thuaidh. An t-aon phíosa sceitimíní eile a bhí ann ná nuair a chonaic na leaids eile madra uisce ag rith thar carraig, ach níor chonac féin é.
Lá breá amuigh ar an uisce le cairde a bhí ann. Turas iontach suimiúil agus spraíúil.