Thursday, 23 February 2023

20230223 - Amach as An Scoil.

Turas eagraithe agus beartaithe ag Dave Elwood a bhí ann inniu.

Bhuaileamair le chéile ag an bpríomh caladh na Scoile. Is maith le Dave é, toisc go bhfuil raidhse páirceáil ann (de gnáth) agus leithris poiblí. Nach cliste an fear é!

Bhí Tess Glanville agus Rob O'Brien in éindí linn. Tess fíor sásta leis an mbád nua (di).



Chuamair amach Cuan na Scoile, suas Cuisle Oileán an Chaisleán, timpeall Oileán an Chapaill, agus ar ais go dtí Oileán an Chaisleán.

Tar éis sin, thugamair cuairt gairid ar Oileáin Mhic Cártaigh, agus ar ais go dtí An Scoil ina dhiaidh san.



Tuesday, 21 February 2023

20230221 - Pleidhcíocht ar An Aighlinn

Ar ais ar an Aighlinn arís. Cé go raibh spéir dorcha, agus an leibhéal íseal, bhí an-spórt againn.

Breis eolas fén abhainn aoibhinn anseo.

Mise, Seán O'Sullivan, Tess Glanville, & Joe Quinn ag taifead.


Scannánaíocht agus tráchtaireacht ag Des Quinn.

Joe Quinn, mise.












Sunday, 12 February 2023

20230212 - Dún na Séad go dtí Inis Ceime Thoir agus Inis Píc

Turas galánta eile a bhí ann inniu, le grúpa deas ó WCKC. 

Bhí sé beagáinín gaofar ar an slí ar ais, ach d'éirigh go maith linn.


****UASDÁTÚ****


15/12/2025 - Tá Finola tar éis sraith iontach ar Na hInsí Céime a fhoilsiú ar Roaringwater Journal
I measc an-chuid eolas fíorshuimiúil eile, tá an léarscáil iontach seo aici, déanta ag Anthony Beese agus foilsithe den chéad uair i 2000 sa Mizen Journal.



Áis den scoth is ea é an léarscáil seo, agus cinnte go mbeinn ag baint úsáid as sa todhchaí.

Saturday, 4 February 2023

20230204 - Pleidhcíocht ag Loch Oighinn.

Ní dheinim taifead de imeachtaí cleachta nú surfáil, agus a leithéid, de gnáth, ach sa chás seo, ghlac duine éigin roinnt físeanna deasa, mar sin seo iad.

Pa Conway, Richard Latimer (SUP), Marie MacSweeney, 
Ronan O'Brien, Roseanne Stephenson.

Anna O'Keefe.

Mise, Jimmy Murphy.

Richard Latimer.

Pa Conway.

An-spraoi ar fad.




Breis eolas fé Loch Oighinn anseo, anseo agus anseo.

Wednesday, 1 February 2023

20230201 - Ar ais ar An Aighlinn

Mé fhéin, John Daly, Des Quinn & Joe Quinn (a ghlac na fótagraif) ar ais an An Aighlinn inniu.

Is aoibhinn liom an abhainn seo. Tá sé éasca, ach spraoi. Álainn agus áitiúil.



Des Quinn, agus an Scorch "ar iasacht" ó CH Marine.


Mise.


Íosbhoiseog chéasla maith ag Des.

Gan íosbhoiseog chéasla ag John.

John Daly, bun ós cionn arís.




Thiteas féin isteach ag gáire fé! 😆

















Sin níos fearr John.



Droichead Bhéal Átha an Chaolaigh


Turas breá eile ar An Aighlinn álainn a bhí ann, le breá comhluadar freisin.