Friday, 14 April 2023

20230413&14 - Inis Uí Drisceoil.

Tá na buachaillí ar ais ar Inis Uí Drisceoil ag an gcampa seoltóireachta, agus tá teach ar cíos againn ann.

Chinneas dul amach ar mo chadhc, chun triail as mo chóras campála (puball, sorn, bia, stóráil, srl.).

Bhí deifir orm agus mé ag imeacht as Conamar, agus ní rabhas an-chúramach ag lódáil an bád. Dá bhrí sin, ní raibh an dhóthain spás sa bhád. Chuireas an trealamh breise i mála tirim, agus cheangal leis an deic é.


Ar aghaidh liom ansin ar turas breá, i mo aonar, timpeall an oileáin. Bhíos breá sásta le snámhacht agus seasmhacht an cadhc agus é lán le meáchan.

Uair amháin, nuair a bhíos ag dul timpeall rinn An Dúna, bhíos ag ceapadh nach raibh sé oiriúnach a bheith ann i m'aonar, ach mar sin féin, bhíos muiníneach i gcónaí.


Ag lorg áit campála.

Áit foirfe faighte agam.


An maidin dar gcionn, agus mé ag fanacht leis an taoide ag líonadh, dheineas iarracht níos fearr an cadhc a phacáil i gceart.
An uair seo bhí gach rud istigh, agus leanas ar aghaidh ag déanamh beagán taiscéalaíochta timpeall na oileáin Loch Trasna.





Na páistí amuigh ag seoladh.

 
 

 ****UASDÁTÚ****

15/12/2025 - Tá Finola tar éis sraith iontach ar Na hInsí Céime a fhoilsiú ar Roaringwater Journal
I measc an-chuid eolas fíorshuimiúil eile, tá an léarscáil iontach seo aici, déanta ag Anthony Beese agus foilsithe den chéad uair i 2000 sa Mizen Journal.


Áis den scoth is ea é an léarscáil seo, agus cinnte go mbeinn ag baint úsáid as sa todhchaí.

Saturday, 8 April 2023

20230408 - Deisceart Bá Dhún Mánais.

Turas den scoth a bhí ann inniu, ar an taobh tuaisceart an leithinse Carn Uí Néid.

Bhí Richard Latimer, Kevin Murphy, Roseanne Stephenson, Tess Glanville agus Rob O'Brien ann.

Cé nach raibh sé gaofar, bhí mórtas farraige ann, agus nuair a bhí na tonnta móra siúd ag bualadh carraige an chósta, bhí sé éachtach, amach 'is amach.

Shuigheas ar feadh tamall ag féachaint ar an áirse seo. An chuid is mó den am, bheadh sé ceart go leor dul tríd, ach ó am go chéile, bhí an áirse líonta le bánuisce.
Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Raghad tríd ann lá éigin eile.


Cuas Cáinte, nú Canty's Cove.

Sos lóin.

Físeán beag a thugann blaiseadh den lae.