Thursday, 30 May 2024

20240530 - An Aighlinn álainn.

Tráthnóna breá samhraidh a bhí ann, agus thug mise, Tomas Gurskis agus Robert Merrick cuairt ar ár abhainn áitiúil, An Aighlinn aoibhinn.

Chuireamair isteach ag Cathrach, agus síos linn le srutha go dtí Droichead Bhéal Átha an Chaolaigh.
An fhirinne a rá, ní raibh mórán sruth ann, toisc go raibh an leibhéal chomh íseal (4.95m), ach da bhrí sin, bhí deis agam mo chuid batáil a chleachta.

Do dhein Tomas físeán an-deas tráthnóna.


"Eas Mhic Cormaic" ón malairt taobh de feirm Mhic Cormaic.

Píosa spraoi fén droichead roimh an deireadh.

Tástáil!


Tomas agus Robert ag baint súp as an dturas.

Saturday, 25 May 2024

20240505 - Turas Campála - Lá 4 - Béal an Daingin go dtí Droichead na Scríbe.

Lá deireanach an aistear a bhí ann inniu, agus bhí turas fada abhaile ag gach duine. Dá bhrí sin, ní dheineamair aon moill ag ithe bricist agus ag pacáil suas. 

Fén am a bhíomair ag cuir isteach, bhí an spéir ag dorchú, agus an gaoth anoir ag éirí.



Bhí an tírdhreach inár dtimpeall an-íseal, agus ní raibh a lán foscadh ann ón ngaoth. Leanamair orainn, pé scéal.




Bhí cúpla spota an-éadomhain, in aice an oileán Cladhnach, mar shampla. Leis an taoide ag trá, ní tráth moille ba ea é.


An caladh beag ag Snámh Bó.



Ní raibh cliú dá laghad againn ag an am cad a bhí ann, ach Fáinne Chamais is ea é.


Nach mór ann - Glinn Chatha.



Droichead na Scríbe - ár gceann scríbe le feiscint fé dheireadh.


Constaic amháin eile! Bhí geata trasna áirse an droichid, ach ar a laghad bhíos in ann é a oscailt.


Agus b'in é. D'éirigh linn ár bplean a chuir i bhfeidhm, agus ár gceann scríbe a bhaint amach.

Ní raibh aon rud eile le déanamh seachas tiomáint ar ais go dtí Caiseal agus an veain a fhail, athraigh ár gcuid éadaigh, agus dul abhaile.






************************
Bhí gliondar orm lé laethanta tar éis an turas seo. Chuireas an méid sin smaoineamh, machnamh agus beartú isteach ann, agus bhíos chomh sásta gur éirigh linn gan aon fhíor fhadhb, seachas drochaimsir in amanna, agus easpa eolas áitiúil.

Dheineamair breis is 41 míle farraige (76km) thar ceithre lá, agus bhaineamair go léir taitneamh as ar fad.





Dheineas an dá físeán seo thíos as an dturas, ceann amháin i nGaelainn, agus an ceann eile i mBéarla.






Friday, 24 May 2024

20240524 - Turas Campála - Lá 3 - An Aird Mhóir go dti Béal an Daingean, bealach Gólam, Leitir Mealláín agus Garmna.

Moch na maidine, agus féach ar an radharc a bhí romhainn! 


Taoide lán, agus an fharraige cosúil le gloine. 
Dheineamair ár gcuid bídh, agus fuaireamair réidh le himeacht.

D'fhágamair An Aird Mhóir ag céaslú díreach ó dheas. An plean a bhí ann na dul i dtreo na hoileáin Bior Beag agus Mór agus as sin i dtreo Daighinis. Ach bhraithfeadh sé ar conas a mhothamair ar an uisce.
Go gairid tar éis imeacht, bhí sé soiléir go raibh na dálaí an-oiriúnach, agus go rabhamair ag mothú láidir agus aclaí. Chinneamair dul díreach i dtreo Gólam, chun na dálaí amuigh sa bhá a fheiscint.
D'fheadfaimis cinneadh eile a dhéanamh ann.

An bhuíon ag dul i dtreo Gólam.

Geraldine agus an túr suntasach ar Ghólam.

Geraldine & Tess.


Curach adhmaid sa chaolas idir Gólam agus Leitir Mealláin.


Dheineamair turas beag mórthimpeall an oileán. Ba ar éigin a rabhamair in ann dul tríd an bearna idir Gólam agus Leitir Mealláin. Leis an dtaoide ag folú, ní bheimíst in ann é a dhéanamh leathuair a chloig ní ba dhéanaí.


Ar an dea-uair, bhíomair breá sásta le dálaí na farraige, agus chinneamair leanúint ar aghaidh feadh cladach theas oileán Leitir Mealláin, agus dul ó thuaidh tríd Cuan Choigéil, fé Droichead Choigéil, agus as san tríd An Doirtheacht i dtreo Leitir Móir.

Tess ag baint súp as an dea-aimsir.


Bun Cuan Choigéil.

Solas loingseoireacht i gCuan Choigéil.



Sos beag againn i mBarbados, mo leithscéal, Leitir Mealláin!


Na críochadóirí seolbhealaigh i ngar le Droichead Choigéil.



Bhí gach rud chomh simplí go dtí seo, ach an t-aon fhadhb a bhí ann sa phlean, ná nach raibh aon eolas áitiúil againn ar doimhneacht an uisce fén ndroichead.
Bhí sé soiléir ón gcairt nach mbeadh a lán uisce ann (carraigeacha os cionn tagra cairte), ach go minic in áiteanna mar sin, bíonn leithead an dhóthain le haghaidh cadhc gabháil tríd, idir na carraigeacha.
Ach an uair seo ní raibh!
Bhí sé chomh tirim le piobar ann, agus bheadh sé fíor deacair na báid agus an trealamh a iompar thart.
Chuas ar siúlóid gairid scabhtála ar lorg rogha eile, ach chinneamair filleadh ar ais agus dul timpeall cósta theas Garmna.



Thug na mná mo chadhc ar ais chugam, seachas siúil ar ais chuige. Cheapas go mbeadh sin ní ba éasca agus ní ba thapúla, ach i ngan fios dom, bhí sé deacair ortha é a chasadh thart, agus a tharrac ar ais ó ndroichead.

Idir an dá linn, bhíos ag baint súp as an aimsir ag feitheamh leo. Ag éisteacht le cantain na gcuacha, agus ag féachaint ar ná róin áitiúla, agus a gcuid iompair aisteacha.


Chuamair ó dheas arís, agus chasamair soir ag deisceart Garmna, agus isteach sa bhá lastuaidh de Oileán an Anama. 
Bhíomair ag bun na taoide um an dtaca seo, agus stadamair le haghaidh sos lóin in aice fánán beag (cé go raibh an fánán i bhfad ní ba airde ná na carraigeacha ag an bpointe seo den taoide.

Ní rabhamair cinnte go raibh slí amach/ar aghaidh soir ann, ag lag taoide mar seo, ach bhí an cuma ar an scéal go raibh bearna caol idir na carraigeach, agus leanamair ar aghaidh.



Fíor taiscéalaíochta a bhí ann - ag bogadh ar aghaidh gan fios ar an slí, ag lean ar an uisce.


Níl an cainéal bídeach seo ar an gcairt ar chor ar bith. Dar leis an gcairt, tá an áit seo ar fad os cionn tagra cairte (limistéir uaine uirthi), ach níl an cairt chomh mionsonraithe sin ag an scála seo. 
Bhíos dóchasach le haghaidh bealach bídeach mar seo fé Droichead Choigéil, ach sin a tharlaíonn uaireanta nuair a théitear sa seans.



Bhíomair go léir ag rá go bhfuil an t-uisce thar a bheith glan agus geal anseo, le feamainn agus ceilp ag fás go flúirseach.

Curach adhmaid ar a fheistiú.


Sular fada, d'aimsaíomair an slí amach go dtí uiscí doimhne arís, agus leanamair ar aghaidh, soir timpeall Pointe Aill Mhór An Droma, timpeall Gob Na Trá Báine, agus isteach Cuan an Fhir Mhóir*.

Geraldine i gCuan an Fhir Mhóir.



Bhíomair go léir ag éirí tuirseach fén am seo, agus bhraith an píosa seo an-fhada.
Tar éis tamall, chonaiceamair Droichead Charraig an Logáin taobh ar chlé. Dá mbeimíst ábalta dul fé Droichead Choigéil, bheimíst ag teacht amach ann.

Ar feadh tamall bhíos ag féachaint ar an ndroichead idir Eanach Mheáin agus Leitir Móir, gan a bheith cinnte cén droichead a bhí ann, ach ag an deireadh, tháinig Droichead Béal An Daingean i radharc.







Bhíos breá sásta nuair a chonac go raibh raidhse uisce fén ndroichead seo!
Chomh luath is a chuamair fé, dúras leis na mná bheith ag faire amach le haghaidh spota campála, agus d'aimsaíomair ceann deas nach mór díreach ag an dtaobh eile den droichead.

Bhíos sásta anois go mbeimis in ann dul ar snámh arís ar maidin pé uair, gan fanacht ar an taoide.


An campa socraithe, agus suipéar ithe againn, bhí sé in am dul ag cnuasach dí.


Ag féachaint anuas ar Cuan An Fhir Mhóir.

Ábhar spéise ag na hainmhithe áitiúla.

Fuaireamair sólaistí breátha i dTigh Foley, ach bhí tuirse ar gach éinne, agus d'fhilleamair ar ais chuig na pubaill sara fada.







 




***************************

*Cuan an Fhir Mhóir - Bailiúchán na Scol - https://www.duchas.ie/en/cbes/4583356/4582657

"Chuaidh beirt as Conamara isteach go h-Árainn uair i mbáidín beag seóil. Chaitheadar an lá ar an bhfairrge ag dul isteach agus bhíodar spalpaighthe leis an tart nuair a shroicheadar Árainn.

Bhí tíoránach mór saidhbhear in Árainn an t-am seo agus fear uathbhásach mór a bhí ann. Chuaidh an bheirt go dtí teach an tíoránaigh ag iarraidh deoch. Ní raibh istigh acht an cailín aimsire agus níor thug sí aon deoch dhóibh. Ní dhearna an bheirt acht dul amach sa 'Dairy' a bhí ag an tíoránach agus a ndóthain bainne a ól. Nuair a bhí an bainne ólta aca ghearradar talamh ar ais go dtí a mbáidín arís mar bhí fhios aca go maith gur ghearr go mbeadh an tóir ina ndiaidh.

Thugadar a n-aghaidh ar Chonamara arís agus bhí cóir réasúnta aca ag teacht amach. Nuair tháinic an Tíoránac abhaile d’innis an cailín aimsire an sgéal dó agus lean sé féin agus triúr eile an bád le currach agus tháinigeadar suas leis an mbád i mbéal an chuain o thuaidh díreach ó Árainn. Shíl an Tíoránach mór a dhul de léim ar bhord sa mbáidín seóil acht sgiorr sé agus cuireadh sa bhfairrge é. Báitheadh ar an bpoinnte é. Tugadh Cuan an Fhir Mhóir ar an gCuan ariamh ó shoin."