Friday, 19 September 2025

20250919 - Bá Dhún Mánais

Táim ag teacht go tapaigh chuig deireadh mo shaoire, agus ba é seo mo chéad seans turas cadhcála a dhéanamh sa bhabhta seo.

D'eagraigh 'Downwind' Dave Elwood go mbailímid le chéile in Átha Chíste agus tháinig 'Typhoon' Tess Glanville agus Clara Laplaud freisin.

Leanamair ar aghaidh i dtreo Inis Cairbre agus Oileán an Aitinn. Bhí an aimsir breá ciúin, ach fós suaill mór ag rolláil isteach i sraitheanna, agus radharc iontach de fuinneamh na farraige a thug siad dúinn.
Bhí uaimheanna iontacha feicthe ag Tess gar leis na hoileáin le déanaí, agus bhíomair chun triail astu arís.

Ní raibh sé sa phlean agam ar maidin dul ag pleidhcíocht i measc na carraigeacha, agus ní rabhas gléasta le haghaidh snámha, ach leis na dálaí chomh foirfe sin, bhí orm beagán a dhéanamh.

Bhuel, ní rabhas ag súil leis an méid a tharla ansin.


Ní raibh aon dochar déanta, seachas do mo chuid bród, agus leanamair ar aghaidh chun lón a ithe ar Inis Cairbre.



Bhíos ag éirí fuar um an dtaca san, agus bhíos sásta filleadh ar ais go dtí na báid, le téamh suas ar an slí abhaile.

Dheineas cleachtadh beag eile ar mo rolla ag an deireadh, toisc go rabhas chomh feargach liom féin as snámh arís, ach ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon difríocht. Tá an rolla agam. Tá rud éigin eile ar iarraidh áfach. Tagann scaoll de shaghas éigin orm gach uair a théim bun os cionn gan coinne, agus caillim mo stuaim. Níor dheineas iarracht fiú rolla suas inniu. Cén fáth san?




Sunday, 14 September 2025

20250914 - Ar an mBandan arís

D'eagraigh Pa turas deas inniu ar an mBandan, ón mbaile mór síos go dtí Inis Eonáin.

Bhí Robert Merick agus Christian Cattermoul in éindí linn.

Bhí an leibhéal beagán íseal, ach bhí sé oiriúnach do Rob agus Christian.

Bhí sé an-deas a bheith amuigh sa chanú aríst - an chéad uair le míonna.

Seo thíos m'fhíseán, agus físeán Pa.





Friday, 12 September 2025

20250912 - Cleachtadh scileanna

Ina dhiaidh mo theip tráthnóna Céadaoin, bhí fios maith agam go raibh níos mó cleachta ag teastáil uaim. 

Bhí Typhoon Tess agus Surfing Boots saor inniu, agus fonn ortha teach chuig an t-ineasclann liom le haghaidh seisiúin traenála.



D'éirigh go maith liom le mo rolla ar chlé, ach ta fadhb ann fós le mo roll ar dheis.

Fós bhí fadhbanna agam leis an athiontráil agus rolla, ach d'éirigh liom uair amháin, ar a laghad. Ansin, den chéad uair riamh, thriaileas as "The Dump", ach theip orm, dar ndóigh.

Seisiúin maith a bhí ann, ach tá a lán fós le déanamh agam, go mbeidh muinín agam arís.

Bhí dhá bhád ag Richard inniu, agus thug sé a P&H Leo dom ar iasacht ar feadh tamall, nuair ná raibh sé á úsáid. Ní rabhas ag súil go mbeadh sé chomh éagsúil ó mo P&H Virgo, ach bhí. Bhí a fhios agam go mbeadh sé beagán ní ba fhaide, ach chomh maith leis sin bhí an suíochán ní ba airde sa chró, agus an cabhail ní ba chaoile. Dá bhrí sin, bhí sé ní ba thapúla agus beagán ní b'éagobhsaí. Cadhc an-deas a bhí ann, agus an-éasca le rolláil.



Wednesday, 10 September 2025

20250910 - Tráthnóna Céadaoin

 Ar ais i dTráigh Omna arís anocht, agus farraige bréitseach a bhí ann arís.


Do bhí smugairle an tseoil caite suas ar an dtráigh ag na tonnta. Má tá ceann amháin ar an dtráigh, an mó acu atá fós sa bhá? Smaoineamh nach deas do na snámhóirí áitiúil.





Chuamair amach go dtí Pointe an Driseáin, ach scaradh an grúpa ann. Chuas agus dream beag ar aghaidh chun féachaint ar an ngóilíneach a thugtar "The Crack of Doom" uirthi, ach d'fhan Des ag an bpointe leis na núíosaigh.
Bhí an taoide lán, agus na tonnta mór, agus ní raibh deis ar bith dul ag spraoi sa ghóilíneach.
Ní mó na sásta a bhí Des liom as an ngrúpa a scaradh óna chéile, ach sin scéal eile.

D'fhilleamair ar ais bealach "Jezza's Rock", agus leanamair ar aghaidh i dtreo an tráigh.

Tar éis píosa spraoi ann, bhí deireadh leis an tráthnóna, ach chinneas mo scileanna féin-thartháil a chleachtadh, ach níor éirigh ró-mhaith liom in aon chor.

Níos mó cleachtadh ag teastáil.

Wednesday, 3 September 2025

20250903 - Tráthnóna Céadaoin

Ar ais ag Tráigh Omna arís tráthnóna le haghaidh an seisiúin seachtainiúil, ach difríocht amháin - nuair a bhaineas an tráigh amach, d'iarr Tim orm an grúpa a threoiriú. Ní raibh ach cúpla soicind agam plean a chuir le chéile i m'aigne, agus an óráid a thabhairt.

Bhí an t-ádh orm nach raibh aon fíor-núíosach ann, agus thug sé sin deis dúinn neart spraoi a fháil i measc na carraigeacha. Ar a laghad bhí mo ceamaraí agam anocht.