Do bhí beirt mhac agam ag imirt rugbaí i gCionn tSáile san iarnóin inniu, agus cheapas gur thug sin deis deas dom turas gairid a dhéanamh amach as an áit sin. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh an aimsir breá socair, agus bhí suim ag dream maith ón gclub teacht in éindí liom.
Bhuaileamair le chéile ag Carraigín na Plubóige, os comhar The Bulman amach, go gairid tar éis a hocht, agus bhíomair ar snámh ag a naoi.
An chéad rud le feiscint ná Daingean Rinn Chorráin, an dúnfort suntasach ar imeall an chuain.
Amach linn ar aon nós, ag triail ar Oileán an tSabhrain (nú Magairlí an tSoibhréin, dá chreidfeá an t-alt seo) ar an choinníoll go mbeinn ar ais ag na carranna roimh meán lae.
![]() |
| Helen Daly, Kevin Murphy, Dave Glasswell, Ronan O'Brien, Joe Quinn, Rob O'Brien. |
Cé go raibh paistí ceo ann, tháinig na hoileáin i radharc, agus dheineamair líne díreach ortha.
![]() |
| Rob O'Brien ag dul i dtreo An tSabhrain Mór. |
![]() |
| Dave Glasswell. |
![]() |
| An fear é féin @dglasswell. |
![]() |
| Níl ach logainm amháin ar an dá oileán seo - Oileán an tSabhrain, nú Big Soverign i mBéarla. |
Sásta go raibh Na Magairlí feicthe againn, leanamair i dtreo An tSabhrain Beag, píosa beag soir.
Bhí an ceo ag éirí ní ba thibhe, ach bhí sé in am filleadh ar ais pé scéal é. Threasnaíomair ó thuaidh go dtí an mórthír agus trasna béal Cuan Oisrí ag dul siar.![]() |
| Rob O'Brien. |
![]() |
| Helen Daly. |
![]() |
| Kevin Murphy, Ronan O'Brien. |
Bíonn an radharc ar Daingean Míleata Rinn Chorráin sonrach i gcónaí.




































































