Sunday, 27 October 2024

20241027 - Trá Mhór

Táim i dTrá Mhór le haghaidh cruinniú mo mhuintir fé láthair, agus sciobas amach go moch ar maidin i gcomhar turas beag.

Chuas ar Facebook ag lorg moltaí cúpla lá ó shin, agus dúirt an-chuid daoine go bhfuil an cladach idir an caladh cuain i dTrá Mhór agus Cill Fhearghasa ar fheabhas. Bhíos an-sásta leis na moltaí siúd - bheadh 7km gach slí oiriúnach don méid ama a bheadh agam ar maidin.

Bhí sé soiléir nuair a bhíos ag fáil réidh ag an gcuan go mbeadh maidin den scoth ann.

Breacadh an lae i dTrá Mhór.


An Fear Miotail

Chualag fén Fear Miotail den chéad uair nuair a bhíos ag obair ar an Dunbrody, nach mór fiche bliain ó shin, ach bheadh sé seo mo chéad deis é a fheiscint i ngar.

Dathanna áille sa spéir taobh thiar de Ceann Bhaile an Bhrúnaigh.

An Fear Miotail.

Éirí na gréine.




Cósta den scoth, le carraigeacha, uaimheanna, áirsí agus failltreacha.

Ag Oileán an Bhúrcaigh d'fhigh mé tríd na carraigeacha, agus chasas soir, ar ais i dtreo an Fear Miotal agus Trá Mhór.





Turas beag, ach an-deas a bhí ann. An chuid ba fhearr bainte as an lae - bhí an fearthainn ag teacht, dar ndóigh.
Chomh maith leis sin, ba é seo mo thuras deireanach roimh dul ar ais ag obair. Ní bheinn in ann cadhc a thógaint liom an uair seo, dá réir sin ba é seo mo thuras deireanach as 15 seachtain thar a bheith gnóthach le céaslóireacht. Braithim láidir agus muiníneach anois, ach i gceann 5 sheachtain bead lag agus mí-aclaí arís.


Tuesday, 22 October 2024

20241022 - An Sulán - Baile Mhic Íre go dtí Droichead an tSuláin (Mons Bar).

D'fhógair Gadget go mbeadh se ag déanamh turas ar An Sulán inniu, agus bhíos scafa chun teacht leis.

Bhí an leibhéal íseal go leor, beagnach 0.79m ar an méadar ag Baile Mhic Íre. Bhí triúr againn ann, Gadget agus Patrick Lynch i gcadhcanna, agus mise i mo chanú. 

 

Ba é seo mo tharna uair ar An Sulán. Bhíos anseo blianta fada ó shin, ag déanamh RSR1 le Gildas Laplaud. Bhí sé dearúdta agam cé chomh álainn is atá an abhainn seo. Tá altáin agus uláin ann, agus crainn ar an mbruach an slí ar fad.

Tús an céad altán.

Ag éirí bréan ag fanacht le Gadget.


Ba é seo mo chéad uair ag bualadh le Patrick Lynch, ach chualag fé roimhe seo.
Agus sinn ag fanacht le Gadget ag déanamh a chuid garraíodóireacht (prúnáil na géaga os cionn an abhainn), thosnaíomair ag comhrá lena chéile, agus d'inis sé a scéal brónach dom. Bhí sé i dtaisme bóithre timpeall ceithre mhí ó shin, agus chaith sé dhá mhí san ospidéal ag téarnamh ina dhiaidh. 
Ach fós, níl sé tar éis teacht chuige féin go hiomlán. Bíonn sé ag déanamh dearúd ar ainmneach, is a leithéid, i gcónaí, agus ní raibh a fhios aige cén bliain a bhí ann fiú.
Bhíos croí-briste ag éisteacht lena scéal, is soiléir go bhfuil fear deas, macánta ann, ach tá bealach deacair fós á shiúil aige. Ar a laghad, tá a mhuintir agus a leannán ag tabhairt tacaíocht do, agus tá sé in ann rince agus céaslóireacht a dhéanamh, dhá rud a thaitníonn go mór do.





Patrick Lynch.










  

Bhí an abhainn an-oiriúnach le haghaidh an canú, ach bheadh sé i bhfad níos fearr suas go 1.0m measaim.

Bheadh suim agam triail as an gcéad réimse eile den abhainn, síos go dtí An Gaorthadh.

Sunday, 13 October 2024

20241013 - Cleachta tarrtháil

Ar ais ar an uisce arís inniu, ag Inse Duine an uair seo.
Cleachta tarrthála leis an gclub a bhí ann, le tonnta sách salach le gaoth os a gcionn.
Ach an-chuid spraoi pé scéal é.






Ronan O'Brien.

Des Ronan.

Robert Merrick.



Christian Cattermoule.
Robert Merrick.

Saturday, 12 October 2024

20241012 - RSR2 - Cluain Meala

Ar ais ag oiliúint le Patrick McCormack inniu, i gCluain Meala.
Mise, Joe & Des Quinn, Charlie McPeake agus Rob O'Brien a bhí ann, ag déanamh cúrsa RSR2.

Lá fada agus fuar a bhí ann. Ar dtús, bhíomair ag cleachta le rópaí ar bhruach na habhainn, ach ina dhiaidh sin, chuireamair isteach agus dheineamair an céad rith tríd an cúrsa slalóm, ag cleachta teicnící éagsúla.

Tar éis an lón, bhí sé in am éirí fliuch. Cleachta tarrthála agus snámh, agus siúl, agus conas duine greamaithe a shábháil.

Cúrsa maith a bhí ann, ach bhíos préachta ag an deireadh.

Friday, 11 October 2024

20241011 - An tOileán Ard agus An tOileán Íseal

Leis an dea-aimsir ag leanúint, d'fhógair mé turas gearr um tráthnóna, amach as Carraig Oilche. 


Tháinig Debbie Heaphy, Grit Glass agus Cath Russel, agus thug siad comhluadar breá dom ar an uisce.





Bhí an aimsir den scoth, agus an-chuid saghsanna de néalta le feiscint.


An bearna idir Oileán Ard agus Oileán Íseal an-chúng ag taoide folamh.


Taobh theas Oileán Íseal.



Cath chun tosaigh, agus Debbie taobh thiar - ag baint an-sult as!



Agus Grit ina ndiaidh.


Taobh thuaidh Oileán Íseal.

Bearna ag an taobh thoir Oileán Ard.





An cúinne thiar Oileán Ard.



Bhí braoinín uisce laistigh i mo chás fóin, a dhein
éifeacht suimiúil ar chuid de na fótagraif.











Cath ag teacht in aice Stack of Beans.














 
Nach iontach an áit í, Iarthar Chorcaí!