Tá mo sheal sa bhaile ag druidim chun deireadh, agus bhíos leagtha amach dul ag céaslóireacht uair amháin eile.
Do chonac ar an aip inné go raibh dhá réalta gealta do Inse Duine ar maidin, agus chinneas ar an spota go mbeinn ann ag breacadh an lae.
Mar a tharla, maidin iomlán difriúil a bhí ann ón uair deireanch a bhíos anseo. Bhí an spéir dorcha agus liath, bhí tonnta móra foltfhionna láidre ann.
Bhraitheas beag agus lag amuigh ar an bhfarraige borbthonnach san - ní raibh mo dhóthain smacht agam ar cá rabhas ag dul agus cathain.
Tar éis tamall beag amuigh ann, chinneas go mbeadh sé ní b'fhearr éirí as, agus dar ndóigh ar mo shlí isteach go dtí an tráigh, casadh timpeall mé agus sara i bhfad bhíos bun os cionn. Theip ar mo rolla agus leath-shoicind ní ba dhéanaí bhíos ag snámh arís.

