Leis an dea-aimsir tagtha, agus mé ag obair sa Tuaisceart arís, bhí sé eagraithe agam bualadh le mo chomrádaí Damian Hamill arís.
Chinneamair triail ar Na Maideanacha anocht, agus thosnaíomair ag Baile Geithligh.
Dhá charraig mhóra suntasacha, is ea iad Na Maideanacha, agus tá a lán logainmneacha ortha.
Cé go bhfuil "The Maidens" tugtar ortha ar an cairteacha loingseoireachta nua-aimseartha, bhí "Hulin Rocks" ortha roimh ré. Agus dar leis an mBunachar Logainmneacha na hÉireann, bhí "Na Cíocháin" nú "The Chickens", ortha i mbéil na ndaoine tráth.
 |
| Léarscáil Mackenzie, 1775. |
Pé logainm atá ortha, bhí dúil againn dul amach ann, agus tic eile a chuir ar an mBucket List!
Nuair a d'fhágamair Baile Geithligh, bhí an taoide fós ag líonadh, agus bhíomair ag súil le sruth aduaidh (á ár mbrú ó dheas), dá bhrí sin, chuamair amach ar treo-uillinn compáis 055°, ag coimeád na hoileáin ar asamat seasta cúpla phointe ar dheasbhord.
 |
| Bhíos i mo Virgo, agus Damian ina Explorer. |
Bhíomair ag súil go mbrúfar ó dheas sinn ar dtús, ach leis an sruth ag laghdú an t-am ar fad, bhogfaimis ó thuaidh arís agus shroichfimis An Maighdean Thuaidh ag maoltaoide. Agus san a tharla, beag nú mór.
Ag teacht i gcóngar leis An Maighdean Thuaidh: is breá liom é ar trasnaithe fada mar seo, ar dtús bíonn sé deacair do cheann scríbe a fheiscint, ach tar éis tamall is féidir foirgnimh is a leithéid a fheiscint. De réir a chéile is féidir níos mó sonraí a fheiscint, dorais, fuinneoga srl. Agus ar deireadh bíonn na mionsonraí soiléir; céimeanna, ainmhithe, comharthaí agus mar sin de.
Bhíos ag iarraidh mé féin a choimeád tirim (slaghdán beag orm), ach bhí suim ag Damian dul i dtír. Ní raibh sé éasca, fiú ar tráthnóna séimh mar seo, ach d'éirigh leis!
Nuair a bhí Damian ag taiscéaladh an oileán, chuas mórthimpeall ag tarrac a bhád.
Bhí radharc den scoth ann, Éire ar thaobh amháin, Albain ar an dtaobh eile, agus an oileán suntasach, Creag Ealasaid, soiléir le feiscint freisin.
 |
| Cionn an Toir ar chlé, Maol Cionn Tíre ar dheis. |
Nuair a bhíomair críochnaithe ar An Maighdean Thuaidh, chasamair i dtreo An Maighdean Theas.
I gcodarsnacht leis an sean-theach solais caite ar An Maighdean Thuaidh, tá teach solais nua-aimseartha ag feidhmniú ar An Maighdean Theas.
Leath slí trasna, d'fanas le haghaidh Damian ar feadh nóiméad, agus dúirt sé liom "Cas timpeall, féach taobh thiar dúinn!", rud a rinne mé.
Bhuel, an radharc a bhí ann! An Maighdean Thuaidh idir sinn agus léas, leis na gathanna gréine ag teacht anuas ó na néalta dorcha. M'anam!
Cé go rabhamair fé draíocht an radharc ar feadh tamall, bhí gnó againn ar an oileán eile, agus leanamair ar aghaidh.
 |
| Damian ag ceiliúradh dul i dtír ar An Maighdean Theas. |
 |
| Mo áit oibre, an long i Latharna fé láthair. |
Tá carraigeacha eile ann i measc na Hulin Rocks: The Saddle, The Bushes, The Griddle, The Sheafing Rock, n'fheadar an bhfuil logainmneacha Gaelach ortha ar chor ar bith, ach thugamair cuairt ortha pé scéal é, agus bhí píosa spraoi againn ag preabadh tharstu.
Ar an slí ar ais, bhíos ag súil le sruth taoide aneas, á ár mbrú ó thuaidh, ach níor mhothaíomair é go dtí deireadh an trasnú.
Nuair a bhaineamair an caladh i mBaile Geithligh amach arís, bhíomair an-sásta linn féin. Ba bhreá linn dul go dtí an
Olderfleet le haghaidh deoch le ceiliúradh, ach níorbh fhéidir linn :(