Tá an siompóisiam ISKA i gContae Aontroma i mbliana, i mBaile an Chaisil. De gnáth, ní thaistealóinn chomh fada sin le haghaidh deireadh seachtaine amháin, ach táim ag traenáil i mBaile Átha Cliath fé láthair, agus tá an turas réasúnta gearr agus simplí ón gcathair.
Ní raibh an tús leis an deireadh seachtaine chomh maith. Bhuaileas le fear san óstán, agus mhol sé go raghfadh dream beag againn trasna an bá go dtí carr chlós ann, agus dul ar farraige le haghaidh píosa spraoi. Cheapas gur smaoineamh maith a bhí ann, agus le blas an tuaisceart ina ghlór, cheapas go raibh eolas áitiúil aige. Tá fios agam anois nach raibh, agus tá a fhios agam go bhfuil Devil's Churn, mar logainm ar an áit sin. Saghas leid atá ann, measaim.
Le scéal gairid a dhéanamh de, bhí an bruth an-dumpy, nú ardbhruth géarbhriste ag an spota sin. Ba mise an chéad duine amach tríd, ach bhí orm fanacht le fada go dtáinig an chéad duine eile. Idir an dá linn (i ngan fios dom) bhí fadhbanna móra ag daoine eile dul ar snámh. Bhí fear amháin i mbaol sna tonnta, gan a bheith ábalta teacht amach le tamall tar éis teacht amach as a bhád.
Ag an deireadh, bhí triúr againn ann, agus bhí roinnt spraoi againn, ach ní raibh sé chomh maith tar éis an scéal sin a chlois.
Ar ais ag an óstán, do bhí na sluaite tagtha. Ní cuimhin liom an méid sin cadhcanna a fheiscint le chéile riamh!![]() |
| Des Quinn. |
Deireadh seachtaine den scoth a bhí ann. Bhuaileas le an-chuid daoine deasa, agus bhí an-chuid cadhcáil ann. Níos mó ná sin, tá am logálta agam anois - táim ar an slí go dtí mo theagascóireacht.