Saturday, 24 February 2024

20240224 - Loch Cuan - The Narrows.

Bhuaileas le Damian Hamill ag an gcruinniú ISKA sa Scoil anuraidh, agus bhíos i dteagmháil leis arís le déanaí. Shocraíomair teacht le chéile i Loch Cuan inniu le haghaidh turas tríd "The Narrows" (An Caolas?) agus an Routen Wheel míchlúiteach!

Bhí droch-thús don lae agam. Deacrachtaí ag fágáil an long, agus ansin, nuair a bhíos nach mór ag Cill Cléithe, shiúil bean amach ar an mbóthar díreach romham, agus í as a meabhair trí fáth éigin. Ar ámharaí an tsaoil, bhí cairde in éindí léi, agus thóg siad amach as lár an bhóthair í. D'fhágas an-chuid rubar ar an mbóthar an uair sin!

Nuair a bhí mise ag crith le scéin as an ngeit a bhaineadh asam, bhí Damian ag ligint a scíth ar an tráigh, ag baint súp as an aimsir.


Ar dtús chuamair amach go dtí Carraig Aonghusa chun an teach solais a fheiscint, agus ansin isteach linn sa loch le sruth líonta an taoide.


Bhí sos lóin againn ar Oileán an tSéipéil


Chomh ciúin le linn snámha sa loch.

An an slí amach tríd na Narrows, bhí an sruth aife ag rith go maith. Bhí tonnta sheasta ann ag Carraigeacha Úaitéir, agus stopamair le spraoi ann ar feadh cúpla nóiméad. 
Chuamair thart ar Port an Pheire go han-sciobtha, agus ansin chonaiceamair an Routen Wheel.

An fhirinne a rá, chualamair ar dtús é, toisc go bhfuil sé chomh mór agus leathan, gan a bheith ard.
Is dóigh liom go raibh uiscí fíor garbh agus contúirteach i mo shamhlaíocht agam, agus mé ag smaoineamh ar coire nú pholl guairneáin san fharraige, ach i ndáiríre bhí an Routen Wheel aisteach, ach ní raibh sé baolach do chadhc. Ní inniu ar a laghad.

Bhaineas an-sult as an lae, agus tá súil agam go mbeidh deiseanna eile dul amach le Damian arís amach anseo.





Saturday, 10 February 2024

20240210 - Loch Cuan Thuaidh

Amuigh go moch arís inniu, ó Whiterock i gCill Dhuinsí, ag tuaisceart Loch Cuan.

Maidin fíor-chiúin a bhí ann, le ceo tiubh ina luí ar an loch.


Dó bhí Dúslán na Míle Oileán im' aigne agam ag mé ag smaoineamh ar mo threo inniu. Chuas timpeall Oileán Trasna, Inis a' Róin, Inis Aniar, Oileán Glas, Carraig an Oileáin Glaise, Oileán Parton, Oileán Rua agus Carraig an Bheitheach.





Wednesday, 7 February 2024

20240207 - Oileán na bhFaoileann

Tá an long seacálta in airde i gcalafort Béal Feirste, agus táim ag déanamh seal oibre ó mheán lae go dtí meán oíche gach lá. Tugann sé sin deis dom roinnt uaire a chloig rudaí pearsanta a dhéanamh ar maidin, más féidir liom mo chorp tuirseach a tharrac amach as an leaba go moch!
Sin a dheineas maidin inniu - i mo shuigh ag a 5, agus amach ar an mbóthar timpeall leathuair tar éis.

Chuas go dtí duirling beag in aice Rinn Orlock, taobh thuaidh de tráigh Port a' Bhó. Bhí sé fós dubh dorcha nuair a shás amach tríd na teannta beaga, ach bhí an teach solais ag splancadh go soiléir sa dorchadas. Leanas i dtreo an solais, gan ach na tonnta beaga agus slaparnach mo chéasla le clois.


Nuair a bhíos ag druidim le Oileán an Teach Solais, bhí cuma difriúil ar an scéal. Cé nach raibh sé mórán ní ba ghile, bhí na héanlaithe in ann mo slaparnach a chlois sa dorchadas, agus bhí siad scanraithe roimh an fhuaim, i ngan fios dóibh cad a bhí á dhéanamh.
Bhuel an raic is an rírá a dhein siad! Ag screadaíl is ag glaoch, is eitilt timpeall agus timpeall.
Leanas ar aghaidh chomh tapaigh agus ab fhéidir liom.


Nuair a bhaineas Oileán na Faoileann amach, bhí an crapsholas ann, agus bhíos in ann na carraigeacha srl, a fheiscint. Bhí an fharraige ag oibriú  píosa, agus bhí sé deacair fótagraif a ghlacadh i gceart dá bhrí sin.
 

Ar an slí ar ais, ag dul thart timpeall Oileán an Teach Solais arís, níor thug na héanlaithe aon aird orm, toisc go rabhadar in ann mé a fheiscint an uair seo, is dócha.
 

Bhí breacadh an lae ann agus mé in aice Oileán Chóplainn ar mo shlí ar ais, agus nach deas an maidin a bhí ann.

Ar ais ag an duirling ag Rinn Orlock (Orlach?), agus turas ar ais go dtí Béal Feirste agus seal 12 uair a chloig oibre fós le déanamh agam inniu. 😩




Saturday, 3 February 2024

20240203 & 20240215 - Calafort Béal Feriste & Loch Lao.

Bhuel, táim ar ais ag obair...ach is turas oibre difriúil é seo. Beimid lonnaithe i mBéal Feirste le roinnt seachtainí, agus beidh roinnt am saor agam, ó am go chéile. Mar sin, thiomáineas mo veain anseo ó Iarthar Chorcaí, agus tá mo Virgo ar an díon.

Mo chéad deis dul amach ná tráthnóna an 3ú, agus chuas ar thuras beag ón long go dtí an trá sliogáin ar an mBóthar An Aerfoirt. Lainseáil mé ann agus chuas ar ais i dtreo an long, agus suas an calafort chomh fada le Harland & Wolfe, fé Samson & Goliath.






Bhí sé an-difriúil óna gnáth turais a bíonn agam ag an mbaile, agus an-suimiúil dá bhrí sin. Agus bhí níos mó beatha ann ná a bhíos ag súil.



20240215
Bhíos amuigh, cóngarach leis na dugaí, arís inniu, ach an uair seo thiomáineas go dtí Ard Mhic Nasca agus chuireas i bhfarraige ann.

Lá saghas tais agus ceomhar a bhí ann, ach bhí sé an-sásúil a bheith amach ón long. Chuas amach an cósta go dtí Cuan Héilin, agus ar ais arís.