Wednesday, 15 November 2023

20231115 - Ag siopadóireacht.

Táim san Ísiltír fé láthair ar cúpla chúrsa oiliúna, ach inniu bhí lá sosa agam idir an da cheann.

Chuas ar Facebook inne, agus d'fhiafraigh mé de mo "chairde" cad atá le déanamh gar le Amsterdam ag an gcuid seo den bhliain.
Tháinig an-chuid moltaí maithe ar ais. Tá cuid acu déanta agam cheanna féin, agus cuid eile deacair le heagrú ar an bpointe boise, ach dtáinig moladh amháin ná rabhas ag súil leis, ó David Horkan. Dúirt sé go bhfuil an siopa ar son na spóirt céaslú is mó sa Eoraip in aice Amsterdam, agus níl sé ach turas traenach gairid lena bhaint amach.

Dheineas suas mo intinn ar an spota - raghfad go dtí Kanocentrum Arjan Bloem lena feiscint (ach ní cheannóinn aon rud).


An chéad rud le rá ná, ní raibh sé chomh éasca sin dul ann, ach bhí sé fiú é.

Níor chonac a leithéid de áit agus seo riamh. Bhuel, b'fhéidir a leithéid, ach ní a méid. Tá an áit seo mór millteach.
Cadhcanna ar fud na háite...
...lasmuigh...

...agus laistigh...

...idir sean...
...agus nua.

Ghlacas an deis féachaint ar na haistí-lae tosaigh atá ag roinnt de na cadhcanna anseo. Is é an haiste-lae tosaigh an gné is measa de mo Romany, agus bhíos fiosrach conas atá siad deartha agus feistithe ar cadhcanna eile.




Seachas na báid áille a bhí ann, bhí gach saghas trealamh agus éadaí ann freisin, agus tharraing cúpla rud m'aird.

An fhirinne a rá, ní rabhas in ann an áit a fhágáil gan cúpla rud a cheannach, ach ar a laghad, níor cheannaíos ach cúpla smeachnasc...agus gaisce mór a bhí ann...measaim!

Wednesday, 8 November 2023

20231108 - Cuan Dor go dtí Tráigh an Choinicéir

Leis an méid cleachta atá déanta agam le déanaí le haghaidh an L4, bhíos ag súil go mór le dul amach ar gnáth-aistear, gan a bheith ag snámh agus a leithéid!
Bhí an t-ádh dearg orm go raibh Joe Quinn saor inniu, agus turas ar an intinn ag an mbeirt againn.

Chuamair amach ó Cuan Dor agus chasamair soir ag Rinn an Ghabhair agus tharr Trá Long. Bhí orainn coinnigh amach ón gcósta mar gheall ar an tsuaill mór ag teacht isteach aniar aneas.



Bhí sé breá ciúin laistigh in Mill Cove nuair a chuamair isteach le haghaidh sos beag. Is álainn an cuan é, agus seo mo chéad uair ann.

Nuair a shriochamair An Coinicéar, bhí bruth beag ag rith ann, ach ní raibh fonn surfála orm.

Turas gairid a bhí ann, ach le comhluadar breá, agus iontas na tonnta móra ann i gcónaí. An-spraoi ar fad, agus cupán deas té ag an deireadh againn.



Sunday, 5 November 2023

20231105 - Measúnacht Oiliúnt Leibhéal 4.

Le tamall anuas, do bhíos ag scealpadh amach ag an Leabhar Taifead Oiliúint Cadhcáil Mara Leibhéal a Ceathair de réir a chéile. Dheineas píosaí le Jon Hynes ag cruinnithe ISKA mar shampla, agus nuair a dtáinig na cuairteoirí ón Íorua.

Ní raibh ach méid beag le críochnú, agus tá Dave Elwood agus Pa Conway sa chás chéanna,

Shocraíomair le Jon seisiún measúnú a dhéanamh, chun gach rud a chríochnú, ach ag an deireadh, ní raibh Pa in ann teacht inniu.

Bhuaileamair le Jon ag Caladh an tSeancheann, agus amach linn.




An gnáth pleidhcíocht a bhí i gceist - leaindeáil snámha ar carraigeacha, muir-eolas, féin-sábháil, tarraingt ar cheann téide srl.





Ag deireadh na dála, d'éirigh liom an próifíl a chríochnú, ach bhí cúpla rud fós le déanamh ag Dave.

Táim sásta go bhfuil sin déanta agam, agus táim fíor buíoch as Jon as an tacaíocht a thug sé dom i rith an próiséis.