Fuaireas scéala ó Dave Elwood go raibh sé chun triail ar Charraig Aonar ag an deireadh seachtaine, ar mhaith liom teacht leis, agus an bhfuil aithne agam ar éinne eile oiriúnach a bhfuil suim acu teacht? Cinnte ba mhaith liom teacht, agus bheadh Ronan lán ábalta leis an turas!
 |
| Ronan, mise, Dave, Toby. |
Bíonn plean cliste ag Dave i gcónaí. D'imeodh muid ón Scoil, agus amach linn 10km trasna Loch Trasna go dtí Trá Chiaráin. Stopfaimis ann le haghaidh sos leithris agus greim bídh.

Ina dhiaidh sin, an plean ná dul amach 10km eile go dtí an carraig.
Agus sin a tharla!
Nuair a shroicheamair an carraig, bhí fonn ar Ronan agus Toby dul i dtír ann. Toisc nach raibh Donncha ann, chun an slí a thaispeáint, chinn siad ar teacht i dtír snámha a dhéanamh. Choimeád mise agus Dave na cadhcanna sábhála nuair a bhí siad san uisce agus ar an gcarraig.
 |
| Ní rabhas ag súil le beith ar ais anseo chomh luath ina dhiaidh mo chéad uair. |
Agus plean Dave ag feidhmniú chomh maith go dtí seo, chloíomair leis. Nuair a bhíomair críochnaithe ar an gcarraig, chéaslaíomair ar ais go dtí Trá Chiaráin le haghaidh an lón.
 |
| Toby. |
Mo bhréagán nua!
Sin déanta, chríochnaíomair an lae leis an 10km deireanach ar ais go dtí An Scoil.
An fhirinne a rá, bhíos traochta fén am a bhaineamair an caladh amach. Agus cad a tharla díreach ag an am sin, na bhuaileamair le Jon Hynes agus an fhoireann ón
OEC ag dul amach go dtí Trá Chiaráin le haghaidh béile.
Lá fada, ach an-sásúil a bhí ann.