An deireadh seachtaine seo, bhí mise agus Richard Latimer agus fear darbh ainm Matt, ar chúrsa oiliúna canú le Patrick McCormick ó Pure Adventure.
Oiliúint leibhéal a ceathair a bhí ann, agus mo céad chúrsa oiliúna canú riamh. Ní raibh a fhios agam cad a bhí i ndán dúinn!
Bhuaileamair le chéile i mBaile Mhic Andáin, contae Cill Chainnigh, ar An Fheoir, áit nach raibh mé ann óna bhíos i mo ghasúr. Áit álainn atá ann.
An céad rud a bhí á dhéanamh againn ná trasnú ainlithe ó philéar go piléar trasna na háirsí an droichid...droim ar ais!
'Sea, bhíomair ag céaslú ar gcúl, ar feadh i bhfad, ag iarraidh dul ó chúlchaise go cúlchaise, go breá faoileanda...agus bhí sé deacair! (Agus ní rabhas faoileanda ar chor ar bith).
Tar éis tamall, bhíos traochta cheanna féin, agus ní raibh sin ach an céad ceacht. Ina dhiaidh sin, leanamair ar aghaidh, síos an abhainn píosa, agus bhaineamair as leathadh amach. Isteach is amach as na cúlchaisí.
Ghlac Patrick an sraith fótagraif seo thíos díom, ag leathadh amach. Bhí sé ag magadh fúm cé chomh fada a bhíos réidh le leathadh amach, gan é a dhéanamh!
Bhí sé greanúir cinnte, ach bhí sé soiléir dom anois go bhfuil an-chuid fós le foghlaim agam.
Agus le haghaidh an céad cleas eile? Ag tarraingt na báid suas in aghaidh an srutha lé rópaí - lining a thugtar ar i mBéarla.
Ní raibh sé seo chomh deacair ar aon chor. Bhí sé beagán achrannach, cosúil le eitleogaíocht, ach bhíos in ann é a dhéanamh, ar éigin.
Ag deireadh an lae, agus mé tuirseach traochta, thosnaíomair ar oiliúint iomlán nua eile - batáil na canúnna in aghaidh an tsrutha.
Bhí sé seo deacair, ach go háirithe leis an ghaoth ag séideadh trasna na habhainn.
Bhíomair ag iarraidh dul suas chomh fada leis an droichead arís, ach theip orm. D'éirigh mé as agus d'iompair mé an canú, agus an (iomarca) trealamh ar fad trasna na páirce, timpeall an cor san abhainn. Nuair a bhíos nach mór ar ais, chuas ar snámh arís, agus trasna na habhainn go dtí an veain.
Bhíos briste.
Agus b'in deireadh de Lá 1 ar an uisce.
***************
Mhothaigh mé níos fearr aréir tar éis cúpla phionta agus béile deas sa
Duiske Inn.
Agus ina dhiaidh sin, bhíos réidh i gcomhair an siúl uaigneach suas an cnoic go dtí an
Ionad Campála Cnoc Bhréanail, agus luí isteach i mo phuballaín deas.
****************
Bhí codladh cuimseach maith agam aréir, agus bhíos réidh le haghaidh pé rud a bhí ag Patrick dúinn ar maidin.
Bhuaileamair le chéile ag Clais Ghainimh, ar bruach an Bhearú
An chéad rud a fhuaireamair amach ná gur éirigh Matt as tar éis an céad lá. Dá bhrí sin, níorbh ann inniu ach mise agus Richard. Bhí sin maith go leor, bheadh an méid sin ama breise againn leis an dteagascóir, ach ag an am céanna, ní bheadh mórán ama againn chun sos beag a fháil, ag fanacht le daoine eile ag cleachtadh pé rud a bhíomair ag déanamh.
Thosnaíomair le batáil arís, ach an uair seo ní raibh sé chomh gaofar, agus ní rabhamair ag iarraidh dul in aghaidh srutha i gcónaí. D'éirigh go réasúnta maith agam, cé gur thiteas isteach uair amháin.
Ansin chaitheamair roinnt ama ag faoileoireacht trasna srúill, b'fhéidir 6 méadar ar leithead. Tar éis tamall bhí sé ar nós cluiche againn - cé a bhí in ann é a dhéanamh leis an méid is lú buille leis an gcéasla. Bhuaigh Patrick cinnte, gan buille ar bith aige, gan ach a mheáchain á mbogadh ó thaobh go taobh.
Ansin bhí sé in am turas beag a dhéanamh ar an abhainn, agus bhí sé sin spraoi!
 |
| Ag baint seift as an gcúlsruth le dhul suas an fánsruth. |
Ag cúl-céaslú le dhul níos moille síos an bac.
Ag streachailt sa pholl ag bun an cora. Bhí sé ar nós marcaíocht ar tharbh nú "bucking bronko"! Ach an-spraoi ar fad. Bhíos ag snámh arís, dar ndóigh. D'éirigh go hiontach le Richard inti.
Deiridh an lae, ach am an dhóthaint le haghaidh snámh amháin eile - d'aon turas an uair seo.
 |
| An ceacht deireanach - snámh leis an mbád. |
An bhfuil gá dom a rá? Bhíos briste arís inniu ag an deireadh, agus Richard leis, measaim. Bhí an cúrsa an-dhúshlánach , ach d'fhoghlaim an beirt againn an-chuid.