Monday, 5 May 2025

20250505 - Achadh Dúin go dtí An Scoil, bealach An Lao Thiar.

Bhí an turas eagraithe agus treoirithe ag El Maestro, An tUasal Dave Elwood inniu.

Chinn sé go tosnóimid ag an sean-eaglais (agus reilig) San Matthew, in Achadh Dúin.

Áit alainn is ea é an spota seo, agus is stop é ar an nGormshlí Abhainn Aighlinn freisin.


  

Tá Dave ag déanamh iarracht daoine nua a mhealladh amach ar turais.
Tá neart daoine sa chlub, agus níor dhein siad aon rud seachas na tráthnónta Céadaoin i dTraigh Omna. Inniu bhí Christian Cattermoule linn, agus fear nár bhuaileas leis riamh darbh ainm Matthew.
Chomh maith leis sin, bhí an dream rialta ann, Richard Latimer, Ronan O'Brien, Anna O'Keefe, Dublin Michael, Cath Russell agus Jimmy Murphy


Cé nach duine reiligiúnach mé, tá rud éigin an-suaimhneach fén sean-fhoirgneamh seo agus an reilig ina timpeall.





Cé go raibh sé breá socair ar an inbhear, bhí sé píosa teaspach amuigh ar Loch Trasna. Ach, mar is gnách ar turais Dave, bhíomair ag dul le fána ón ngaoth i gcónaí.

@Surfingboots, Richard Latimer, ar nós lacha ar na tonnta.

An slua ag déanamh ar An Lao Thoir.

Dave Elwood agus Anna O'Keefe.






Tráigh beag ar an taobh thoir den Lao Thoir.





Ar chúl: Matthew, Ronan, Jimmy, Mise.
Sa lár: Richard, Cath, Christian.
Chun tosaigh: Anna, Dave, Michael.






Jimmy agus Matthew ag dul i dtreo Oileán An Chaisleáin.




An fhíseán ón lae seo thíos.



Saturday, 3 May 2025

20250503 - Oileán na mBráthar 7 Ardoileán - Turas na Mochóirí.

Seo an chéad lá oifigiúil den cruinniú ISKA (Cumann Cadhcáil Mara na hÉireann) i mBarr an tSrutha, ach bhí orm dul amach i m'aonar ar maidin, toisc go gcaithfidh mé imeacht go moch san iarnóin.

Chuireas an scéal amach aréir go rabhas ag lorg mochóirí eile le haghaidh comhluadar ar an uisce, ach ní dream moch iad dream ISKA, de réir dealramh.

Leanas ar aghaidh i m'aonar pé scéal, ach bhí orm a bheith faichilleach dá bhrí san. Chuas ó thuaidh, i dtreo Pointe Eachros, thart ar Iomaí.
Timpeall an rinn sin, i bPasáiste Eachros agus Bealach Oileán na mBráthar, bhí tionchar sruth na taoide soiléir le feiscint ar an bhfarraige. Bí tonnta géara ann agus bhí orm bheith an airdeallach.

Bhí sos gairid agam i bhfoscadh Oileán na mBráthar, agus ina dhiaidh san chuas timpeall an oileán roimh dul trasna go dtí Ardoileán. Bhí sé scaobach go leor ar an taobh thuaidh de na n-oileán. Bhíos compordach, ach ní rabhas chun moill a dhéanamh ann.

Bhí an-chuid éanlaith ann ar Ardoileán, agus cánóige bhána ina measc, na cinn is ansa liom. Bhíd ag eitilt díreach os mo chionn in amanna.

Sin déanta, leanas ar aghaidh i dtreo An Cruach. Bhí sé breá éasca anois leis an ngaoth agus an suaille ag mo dhroim.

Ag An Cruach, chasas fé chlé, agus chuas ar ais i dtreo Iomaí. Ar an slí timpeall bhuaileas le grúpa mór ó ISKA ar a slí amach.

Bhíos traochta um an dtaca seo, agus ba ar éigin go rabhas in ann snámh timpeall an taobh thuaidh de Iomaí leis an taoide ag trá go tapaigh.

Nuair a shroicheas an ionad campála arís, bhíos lag tuirseach, ach réitigh lón breá é sin.

Bhí sé in am dom filleadh go dtí Corcaigh, ach ar a laghad bhí turas deas eile agam, agus b'fhiú é teacht an slí ar fad. Is fíor an seanfhocal - Is é an ceannaí moch a dhéanann an margadh.





Friday, 2 May 2025

20250502 - Inis Ní go dtí Gob an Ghoirtín

Agus mé ag déanamh ar Barr an tSrutha le haghaidh an cruinniú ISKA, thug Rob Scanlon cuireadh dom dul amach leis, agus le dream beag ón oirthear.

Bhuaileamair le chéile ar Inis Ní. Bhí cuma an-difriúil ar an áit inniu i gcomparáid leis an am seo anuraidh.

Chuaigh an cúigear againn ó dheas i dtreo Inis leacan, agus bhí píosa spraoi againn i measc na carraigeacha agus na sceireacha ann. Bhíos ag caint le fear darbh ainm John ar an slí, agus tar éis tamall thugas fé ndeara gurb Oru Paddler a bhí ann.

Ar ár slí timpeall, chonac inneall mór ina luí ar na carraigeacha, agus chuas chun é a iniúchadh.
Longbhá a bhí ann cinnte, ach ní raibh sé soiléir cá raibh an méid eile de.
I ngan fios dúinn, MV Patriarch a bhí ann. Long beag adhmaid a chuaigh trí thine agus scriosadh anseo i 2004. Scéal casta atá ann fé briseadh an long seo.




Sin feicthe againn, chuamair chomh fada le Gob an Ghoirtín, agus bhí sos againn ar tráigh beag álainn ann. Ar an slí, bhí píosa spraoi agam ag surfáil tharr an carraig An Searrach.






Ar an slí ar ais, bhí radharc ar na Beanna Beola i gcónaí.  Chomh maith leis sin, bhí tuilleadh spraoi againn i measc na carraigeacha eibhir.







Turas an-deas a bhí ann, in aimsir iontach, i gceantar álainn.

Seo thíos mo fhíseán ón dturas, agus ceann John freisin.