D'fhógair Canoeing Ireland roinnt míonna ó shin go mbeadh cúrsa traenála Leibhéal 5 ar siúl sa deireadh seachtaine seo, agus cheapas go mbeadh sé suimiúil páirt a ghlacadh ann. Nílim cinnte go bhfuil teastas L5 ag teastáil uaim, ach bím díocasach i gcónaí rudaí nua agus scileanna nua a fhoghlaim.
D'fhágas Iarthar Chorcaí maidin inné ag triail ar Oileán Acla le dhá chadhc ar díon an veain. Bhíomair chun lóistín a fháil san Ionad Oideachais Allamuigh Acla, ach roimh dul ann, shocraíos cuairt gairid a thabhairt ar mo chol ceathair Orlagh, a bhfuil cónaí uirthi in Acaill sa lá ata inniu ann.
Bhí sé an-deas bualadh léi agus le Francis a fear. Is mór an trua a rá, ach san aimsir seo ní bhuailim le mo ghaoil go ró-mhinic lasmuigh de sochraidí.
Sin déanta, shroicheas an IOA (OEC) agus thugas fé ndeara gurb mise an chéad duine ann. Lasas an tine agus chuireas an citil ar siúl. Sara i bhfad, tháinig na daoine eile, in a nduine is in a nduine. Bhí ionadh deas orm Luke a fheiscint ag teacht isteach. D'tháinig seisean ó Iarthar Chorcaí inniu freisin. Tá sé fostaithe san IOA i Scoil Mhuire, agus bíonn sé ag bainistiú mo mhac Odhran sa scoil seoltóireachta ann ó am go chéile.
Maidin inniu bhí seisiúin ranga againn ar dtús, agus amach ansin linn go dtí an cé beag ag An Chloch Mhór le dhul ar snámh.
Comhphobal beag is ea iad an muintir céaslóireachta in Éireann, agus dá bhrí sin bhí aithne agam ar chuid maith de na mhic léin sa ghrúpa; Bryan & Niamh ó
Shearwater agus Orlagh Dee ó
ECSKC, mar shampla. Bhí aithne ainm agam ar chuid eile, agus bhí aithne agam ar na teagascóirí freisin, dar ndóigh -
Kevin Geo O'Callaghan agus
Shane McElligott.
Roinneamair in dhá ghrúpa, cúigear le Geo agus cúigear eile le Shane - bhíos i ngrúpa Geo ar dtús.
Chaitheamair an-chuid ama ag féachaint ar na dálaí, ag féachaint ar an gcomharthaíocht sa timpeallacht agus ag cleachtadh scileanna bunúsacha sa srúill srl.
Ag am lóin, chinn Geo go dtagaimid i dtír ar laftán caol, breis is méadar go leith os cionn an fharraige, agus ba é
Brian Ward agus mise na céad daoine ag iarraidh an leaindeáil a dhéanamh. D'éirigh linn, ag baint úsáid as línte chun na báid a tharrac aníos inár ndiaidh.
Ina dhiaidh sin, bhí sé réasúnta fuirist an dream eile a thógaint suas freisin.
Chinn Shane go ndéanfadh a ghrúpa leaindeáil snámha ar an leac céanna. Bhíos sásta gan san a dhéanamh, bhí lón deas tirim agam ar an lic.




Ba é Geo an chéad duine ar ais ina chadhc ag imeacht ón laftán. D'íslíomair a bhád síos ar línte, agus dhreap sé síos chuici.
In a nduine is in a nduine, lean gach duine é go dtí nach raibh éinne fágtha ach mise agus Brian.
Bhíos ag cuir mo théad tarraingthe in eagar agus dúirt Brian go bhfanfadh sé dom, ach nuair a chasas timpeall arís bhí sé imithe agus bhíos fágtha i mo aonar ar an leac!
Le gach éinne ag féachaint orm, bhogas mo bhád síos go dtí an píosa ba ísle den laftán agus dheineas iarracht léimt isteach inti agus imeacht, ach tháinig seit tonnta móra isteach agus bhíos caite isteach san fharraige - ag snámh arís agus náirithe os comhar mo chomhghleacaithe.
Tar éis an lón, bhí mo ghrúpa in éindí le Shane, agus ba é Shane a ghlac formhór na fótagraif ar an leathanach seo.
Bhíomair ag cleachtadh scileanna arís, ag iarraidh na mionsonraí a dhéanamh go foirfe.
Bhí iarracht againn beagán surfáil a fháil, ach seachas Colin Orr, theip orainn go léir in ndáiríre.
B'in deireadh leis an gcéad seisiún uisce. Chuamair go dtí an siopa le haghaidh greim bídh tapaigh a alpadh siar agus leanamair ar aghaidh go dtí Cé Thóin re Gaoth le i gcomhair an seisiún oíche.
Tháinig
Jon Hynes nuair a bhíomair ag fáil réidh dul ar snámh, agus mar gheall ar sin, bhriseamair suas in trí ghrúpa.
Bhí turas beag le déanamh ag gach grúpa gan ach compás, cairt agus uaireadóir. Cé go raibh an turas gairid go leor, bhí sé dúshlánach sa dorchadas leis an ngaoth, an bháisteach agus an srúill.

Agus sin deireadh leis an gcéad lá. Tá réamhaisnéis uafásach ann don máireach, agus beidh sé suimiúil fáil amach cad atá i ndán dúinn.
********UASDÁTÚ********
Ag deireadh na dála, ní raibh aon rud in ndán dúinn sa tarna lá seachas seisiún ranga arís.
Chuamair go dtí Pointe Ros Lao, os comhair Cathair na Mart amach, ach dheineadh an cinn gan dul ar an uisce ar chor ar bith mar gheall ar an aimsir, ach go háirithe an gaoth.
Is oth liom a rá, ach tá díomá orm ó thaobh an cúrsa seo. Cinnte bhí rudaí foghlamtha agam, ach bhíos ag súil le i bhfad níos mó i ndáiríre, agus níos mó spraoi ar an uisce freisin, is dócha.
Ach dream maith a bhí ann, agus bheinn breá sásta dul ag céaslóireacht le éinne acu fosta.