Bhíomair ag campáil cóngarach le Rinn na Spáinneach aréir, ach dá bhrí an drochaimsir agus tonnta millteanacha ar an gcósta iartharach, chinn an t-eagraí Fiona go raghfaimis go dtí Inbhear na Sionainne, áit atá foscaithe go maith, ach neart fós le feiscint.
Scoth an bhia!
Thugamair féin an samhraidh linn.
An dream cruaidh ag fanacht thar oíche.
Bhuaileamair le chéile ag Cill Bheathach agus chuamair siar i dtreo An Dún Mhóir (Oileán na gCapall). Bhí carraigeacha den chéad scoth ann le haghaidh spraoi sna tonnta, agus uaimheanna agus geolaíocht fíor suimiúil ar fud na háite.
Nuair a shcriochamair Oileán na gCapall, bhí na dálaí ag éirí fíor spreagúil, agus rinneadh an cinneadh casadh thart agus dul ar ais i dtreo Cill Bheathach le haghaidh sos beag, agus ina dhiaidh sin leanúint go dtí Carraig an Chabhaltaigh (an áit a d'fhágamair na carranna roimh ré)
D'aimsaíomair tírdhreach fíor suimiúil ar an slí. Aillte gleoite. Uaimheanna. Áirsí den chéad scoth. Píosa surfála. Long raice, agus breis.
Fén am a thánamair isteach go Carraig an Chabhaltaigh, bhi an ghrian ag taitneamh, agus deireadh deas de lá iontach a bhí ann.
An maidin dar gcionn, dheineas an cinneadh gan dul ar snámh, agus chuas go BAC - bhí gnó teaghlaigh ag fanacht liom ann.
Níl an ard-teist críochnaithe ag Tadhg ach gearrfhaire, ach tá sé ag obair amuigh ar Oileán Chléire cheanna féin ag an Maratacht. Dar ndóigh, bhí roinnt trealamh dearúdta aige sa bhaile, agus díarr sé orainn iad a sheoladh amach chuige. D'fhéadfainnse iad a chuir ar an mbád fartha, ach leithscéal maith a bhí ann dul amach chuig ceann de na háiteanna is ansa liom.
Le bróga agus éadaí i mála tirim sa haiste cúl, chuireas ar snámh ag Conamar in éindí le Dave Elwood, Typhoon Tess Glanville agus Rob O'Brien. Bhí plean simplí againn - dul ó theas siar ó dheas i dtreo Gaisceanán, in aghaidh puth gaoithe fíor lag. Ag an Gaisceanán bhí sruth taoide ann, ach bhí sé lag seachas píosa beag in aice an carraig cáiliúil. Ag Pointe an Chuais Leathain, chasamair ar dheis, i dtreo An tInbhear.
Bhí gach rud breá simplí go rabhamair san Inbhear agus dheineas dearúd cén bád a bhíos ag céaslú. Bhíos ag spraoi i measc na carraigeacha, nuair a chaitear suas ar charraig mé, tosach agus deiridh! Tar éis cúpla soicind scaoll fúm, scuabadh ar ais ar snámh mé gan aon dochar ná damáiste le feiscint.
Bhuaileamair le Tadhg in aice an sean-bhrú, agus bhí lón againn ann. Ina dhiaidh sin, leanamair ar aghaidh deiseal timpeall an oileán. Idir Ballán na nDeargán agus Ceann Cléire bhí dálaí iontach spreagúil ann! Tonnta móra ag teacht isteach ón iarthar, ach gan mórán gaoth ann. Bhí raidhse cúrán ann, déanta ag na tonnta móra ag bualadh ar na carraigeacha. Chuirfeadh sé brí ionat.
Ina dhiaidh sin, bhaineamair Cuan Trá Chiaráin amach, agus bhi sos eile againn ann, dar ndóigh!
Tar éis lón uimhir a dó, leanamair ar aghaidh anoir aduaidh ar fad cladach thuaidh an oileán. Nuair a chonac an bád fartha ag teacht, cheapas go mbeadh píosa spraoi agam i measc na fochaisí nuair a bhuailfeadh an tonn óna dtosach...ach ag an deireadh, bhí ní ba mhó ná "píosa" spraoi ann 😅.
Um an dtaca san, bhí gaoth éadrom aniar aneas ag éirí, agus chabhraigh sí linn ar ar slí ar ais go dtí Conamar. Ar an slí chasamair ar scata cánóige dhubha, agus iad ag suí ar an uisce agus ag eitilt tharainn. An deas ar fad!
Turas den scoth eile a bhí ann, agus seo thíos mo fhíseán fé.
D'fhógair Dave Glasswell go mbeadh sé ag déanamh turas timpeall Dairbhre ag an deireadh seachtaine, agus bhíos breá sásta a bheith in ann dul leis. Tar éis moill beag trí mo mhíthuiscint leis na socraithe, d'fhágamair Droim Dá Liag le chéile ag dul i dtreo An Caladh ag Port Mhic Aoidh, bealach Neidín.
Is saghas francbhách é Dave, agus nuair a bhíomair ag teacht chuig Neidín, dúirt sé go raibh boulangerie fíor-Francach den chéad scoth sa bhaile, agus mhol sé go bhfaighimid pâtisseries ann. Rud a dheineamair! D'alp mise mo cheann féin ar nós ainmhí (dar ndóigh), ach choimeád Dave a cheann le haghaidh an lón.
Nuair a chuireamair isteach ag An Caladh, bhí sé breá séimh, agus leanamair ar aghaidh i dtreo Ceann Bhreagha. Nuair a bhaineamair an ceann tíre amach, go tobann bhí cuaifeach gaoithe ann. Bhí sé deacair suigh suas i gceart sa chadhc gan a bheith séidte thart. Ba mhaith an rud é go rabhamair ag imeacht le gaoth, agus bhíomair scuabtha chun súil ar fad an cósta i dtreo Binn na Creirice.
Nuair a chuamair timpeall An tSrón, d'aimsíomair duirling caol ag barr cuaisín beag, idir Dún Dá Ghallán agus An Dún Rua. Bhí lón againn ansin, agus bhí Dave breá sásta a patisserie Francach álainn a ithe sa bhialann ab eisiaiche ar Dairbhre!
Le breosla sa umar arís, leanamair ar aghaidh, agus a leithéid de foirmíochtaí charraige a bhí le feiscint.
Ta an geolaíocht an-difriúil ó Iarthar Chorcaí ann.
Nuair a chuamair timpeall Rinn an Dreolán, bhí gach rud socair arís. Bhí an stáisiún Garda Cósta na hÉireann (EJM), mo áit oibre tráth, le feiscint os ár gcionn in Dó Choille.
Isteach go Baile an Ridire linn ansin, agus chinn Dave éirí as ann. D'fhanfadh sé go bhfillfad ar ais leis an veain i gceann tamallaín.
Chríochnaíos an chuid eile den aistear chomh tapaigh agus ab fhéidir liom, in aghaidh na gaoithe. Ba mhaith an rud é ná raibh sí chomh láidir i nGóilín Dairbhre (Portmagee Channel).
Chinneamair filleadh ar ais go Iarthar Chorcaí bealach Cill Orglan, agus chuamair trasna go dtí an mórthír ar an mbád fartha. I ngan fios dúinn, díreach agus sinn ag fágáil Baile an Ridire, bhí Damian & Richie ag teacht isteach taobh thiar dúinn!
Turas iontach a bhí ann. Bhí ná dálaí ag Ceann Bhreaga fíor-spreagúil, agus an cladach thiar den oileán dochreidte ar fad.
An lá deireanach den ard-teist ag Tadhg inniu (eacnamaíocht), agus lá aisteach ar an bhfarraige domsa.
Bhuaileas le Derry O'Regan ag An Scoil agus rún againn dul amach le haghaidh turas gairid agus simplí. Ar an gcéad dul síos, bhí An Lao Thiar i m'aigne mar sprioc, ach nuair a shroicheas an caladh bhí ceo tiubh ann, agus bhí sé soiléir nach mbeimis ag dul ann.
Bheartaíomair plean dul díreach trasna an cuan go dtí an cladach oirthear agus as sin chloífimis leis an gcósta timpeall (handrailing) go dtí Bealach Oileán an Chaisleáin, agus go raghaimis trasna go dtí Oileán an Chaisleáin, agus b'fhéidir timpeall an oileán.
Nuair a chuamair amach, ní raibh mo chompás agam ar mo dheic, (de gnáth bíonn sé sa veain, réidh le úsáid, ach thógas amach inné é le haghaidh cúrsa muireolaíochta), ach bhí muinín agam go raibh ciall don treo réasúnta maith agam agus leanas ar aghaidh le Derry cóngarach taobh thiar. I rith an tsamhraidh bíonn an-chuid báid ar feistithe sa chuan, agus leanas ó bhád go bád agus mé ag fágaint an cé i mo dhiaidh. D'fhiafraigh Derry díom cén raon léargas a bhí ann, agus dúras "Dhá chéad méadar", ach i m'aigne bhíos ag ceapadh go mbeadh céad méadar ní ba chruinne. Fós ag dul ó bhád go bád, tar éis cúpla nóiméad cheapas gur chonac líne an cósta tríd an gceo. Chasas beagán ar dheis dá bhrí san. Ansin, chonac long i lár an cuan...long cosúil leis an mbád farantóireachta a théann amach go Cléire, ach bhí an long san ceangailte ag an caladh. An raibh bád eile ann ag ancaire i láir an bhá? Leanas ar aghaidh ina threo. Agus ansin chonac go raibh an long san ceangailte suas in aice caladh éigin...agus go tobann thugas fé deara go rabhas tar éis dul timpeall i gciorcal!
Stopas ag céaslú ag an bpointe agus labhaireas le Derry. Ag féachaint orm ón gcúl, bhí sé soiléir dó go rabhas ag casadh ar dheis an t-am ar fad. Cheap sé go rabhas á dhéanamh d'aon turas! Bhaineadh stangadh asam. Thógas mo compás láimhe amach as ruma an cadhc, agus leagas ar mo clúdach cró é. Leis sin, leanas soir, ar asamat 100°. Ach chomh luath is a thosnaigh mé, bhí sé soiléir le feiscint ar an gcompás go rabhas ar casadh ar dheis beagán le gach aon buile. Dochreidte!
Ar aon nós, le treoir an compás bhaineas an taobh eile den cuan amach, agus as san leanamair ar an gcladach mar an plean.
Thógamair ár gcuid ama, agus dheineamair an-chuid taiscéalaíochta i measc na carraigeacha lastoir de Pointe An Cuaisín.
Nuair a laghdaigh an ceo beagán, chinneamair dul trasna go dtí an oileán, ach gan dul timpeall.
D'fhilleamair ar ais go dtí An Scoil, agus turas deas a bhí ann, ach aisteach, turas aisteach a bhí ann freisin.
An scrúdú fisic a bhí ann inniu, agus nuair a bhí Tadhg istigh ag streachailt leis na ceisteanna, chuas go dtí Bá na hEornan le haghaidh píosa surfáil.
Ach ní raibh toinn fíor-oiriúnach ann agus gan mórán surfáil le déanamh dá bhrí sin.
Ach mar sin féin, bhí píosa breá spraoi agam ag taiscéalaíocht i measc na carraigeacha.
Níos déanaí, chuas ar ais ar snámh ag Tráigh Omna le haghaidh píosa spraoi ag an seisiúin seachtainiúil WCKC.