Tá mo sheal sa bhaile nach mór thart, ach bhí an aimsir maith a dhóthain le haghaidh turas amháin eile roimh imeacht ar ais ag obair. Ní rabhas ag braithint ró-mhaith aréir, ach táim ag alpadh paraicéiteamól, agus bhíos maith a dhóthain ar maidin le leanúint ar aghaidh (ní bheinn ag iarraidh a bheith fliuch, áfach).
D'imíomair ón bhfánán laistigh de Pointe Dúinín, agus trasna go dtí An Tráigh Fada linn. Tá an tráigh sin siúlta agam na mílte uair, ach seachas seisiún surfála amháin sa chúinne blianta ó shin, níor chéaslaigh mé riamh é.
Chuamair thar Ceann Dún dTéide go tapaigh, ach stopamair ag fánán beag gleoite in Cuas Duirc le sos beag a fháil.
Ina
dhiaidh sin, bhí sé breá éasca leanúint timpeall an cósta go dtí Oileán
Inse Duine, ach ar an slí isteach sa bhá sin do bhí an suaille ag rith,
agus an bruth ag méadú. Do bhí orainn saghas leaindeáil brutha nú
"surf landing" a dhéanamh ann. Ní raibh fonn spraoi sa bhruth orm, mar
gheall ar an slaghdán i mo cheann.
Ar an dtráigh, bhuaileamar le Andrea Vaillancourt-Alder, oiliúnóir de leibhéal aird atá tar éis bogadh go Iarthar Chorcaí le déanaí. Chualag fúithi cheanna, ach ba é seo mo chéad uair ag casadh léi.
Thug Dave cuireadh dom teacht amach leis inniu le Clara Laplaud. Bogann Dave i gciorcail céaslóireachta éagsúla, agus ní ró-mhinic a chasann na ciorcail siúd ar a chéile. B'fhéidir go bhfuilim ag éirí sa chéimlathas?
Ar aon nós, bhuaileamair le chéile ag Gort na Cille, agus thrasnaíomair an bá go dtí Róncharraig Mhór.
Is cuimhin go maith liom an uair deireanach a bhíos ann, ach bhí cuma iomlán difriúil ar an bhfarraige, agus ar an scéal inniu. Bhíos lán sásta a bheith in ann leaindeáil ar an oileán inniu.
Ina dhiaidh sin, chuamair timpeall Róncharraig Beag, agus trasna go dtí an tOileán Mór. Bhí sos lóin againn ar tráigh beag deas in aice Pointe an Longfoirt.
Ar an slí ar ais go dtí Gort na Cille, chonaiceamair deilfeanna i gcéin, ag léimt amach as an uisce. Ansin chonaiceamair grúpa eile i dtreo eile. Agus ansin grúpa eile...agus de réir dealramh bhí siad go léir ag teach inár dtreo! Sara bhfad bhí deilfeanna go leor inár dtimpeall. Ag léimt, ag déanamh spórt 'is spraoi, ag teacht 's ag imeacht mórthimpeall orainn...agus chomh tobann is a dtáinig siad, bhí siad imithe.
D'imigh mé féin, Rob O'Brien agus Anne Crossey ó Traigh Omna, siar ó dheas i dtreo Dún na Séad. Bhíomair in ann gluaiseacht i gcóngair leis na carraigeacha agus na failltreacha, agus ní raibh éinne tinn an uair seo.
Bhí an-spraoi againn ag Oileán Dhúlaing, le sruth na haife ag dul siar, agus suaille ag teacht aniar. Baineadh geit as Ann uair amháin, agus bhí sí beagán neirbhíseach ina dhiaidh sin, ach deis foghlama di a bhí ann freisin.
Le aimsir breá geallta dúinn, bhuaileas le Jackie O'Sullivan agus Rob O'Brien ag Cuas na gCaorach roimh breacadh an lae ar maidin, le haghaidh turas timpeall Na Seacht gCeanna go dtí Cúirt Mhic Shéafraidh.
Do bhí orainn tointeáil a shocrú roimh dul ar snámh, agus bhíomair i solas geall an lae sara thosnaíomair.
Turas deas a bhí ann, gan mórán farraigí corraithe, seachas beagán ag Ceann Dún Urlainn agus arís ag Rinn Leganagh.
Bhíomair breá sásta cheanna féin, nuair a dtáinig slua deilfeanna
mórthimpeall orainn i mBá Na Seacht gCeanna. Nach iontach an pléisiúir a
bhí sé, ach go háirithe do Rob, nach bhfaca deilfeanna chomh gar sin
cheanna.