Thug Jon Hynes cuireadh do dream beag ón gclub teacht le bheith mar 'Guinea-pigs' do grúpa atá á mheas ag Canoeing Ireland mar teagascóirí leibhéal 4.
I measc an slua, bhí Dave Elwood, Amy Walsh, Niall Leahy, Pa Conway, Joe Quinn agus Ronan O'Brien. Ársaí urrúnta sa chlub, gach duine acu.
Bhuaileamair le chéile in Conamar, agus bhriseadh suas in dhá ghrúpa sinn (bhí daoine eile ann, ná raibh aithne againn ortha), agus chuamair amach le triúr iarrthóir agus beirt mheasúnóir araon.
Ar dtús bhíomair ag déanamh rudaí fíor bunúsach, agus bhíomair buartha go mbeadh an lae beagáinín leadránach, ach sara fada bhí athrú mór ar an scéal.
D'aimsaíomair góilíneach taobh theas Oileán Uí Drisceoil leis an mórtas farraige ag teacht isteach tríd, agus bhí sé in am píosa carraig-preabadh a dhéanamh!
Ó, an-spórt a bhí ann. De gnáth, leis na dálaí a bhí ann, bheinn beagán drogallach dul chomh gar leis na carraigeacha, ach leis an gcomhluadar sin, bhíos ní ba chróga ná gnáth!
 |
| Amy ag cleachta an rolla sna dálaí. Bhí sí ní ba chróga na mé. |
Ina dhiaidh san, leanamair ar aghaidh go dtí Inis Arcáin, agus Trá Airgid. Bhí na tonnta ag teacht díreach isteach ar an dtráigh, agus bruth deas glan ann dá bhrí sin.
Bhí seisiún den scoth againn, agus rud is iontaí dá bhfaca mé ná,
David Horkan ag surfáil ar chúl, ag tumadh deiridh a bhád go domhain sa tonn, ag déanamh fiodrince leis an mbád ceartingearach san aer, ansin ag leaindeáil ar an dtonn, agus ag leanúint ar aghaidh ag surfáil ar an dtonn ceannann céanna. 🤯
Tar éis an surfáil, bhí sos lóin againn. Chuamair ar ais go dtí Conamar ansin, ag déanamh rudaí beaga ar an slí.
Lá den scoth a bhí ann. Traochta ach sásta, chuamair go dtí
Spar ar Bhóthar Chorcaí sa Sciobairín, agus bhuaileamair le Jon Hynes ann. Shínigh sé níos mó d'ár leabhair L4, agus bhíomair fíor sásta leis an lae ansin!
Ba é Jon a ghlac na fótagraif ar an uisce inniu freisin.