Turas deas a bhí ann arís inniu, ó lár na cathrach, síos na Lí go dtí Cuan Chorcaí agus Rinn an Róistigh. Turas atá déanta agam an-chuid uair i longa, ach ba é mo chéad uair é a dhéanamh i gcadhc. Mar is gnách, bíonn radharc difriúil, luas difriúil, agus eispéireas difriúil i gcadhc ó soitheach ar bith eile.
Chuireamair isteach ag na céimeanna seo ag An Muiríne in aice Club Báid an tSeandúin.
Ní raibh sé ró-éasca dul ar snámh ann, gan dul ag snámh, ach le beagán aire agus comhoibriú, d'éirigh linn.
An chéad rud lé déanamh ná dul suas an abhainn píosa beag go dtí an trádstóras faoi bhanna ag bun an oileán ar a bhfuil lár Cathair Chorcaí tógtha.
I mo thuairimse, is é seo deiridh an abhainn ceart, agus tús an inbhear.
Síos an abhainn linn ansin, le sruth na taoide aife, tharr Tivoli agus i dtreo
Caisleán na Dúcharraige.
 |
| Ronan O'Brien ag baint lán na súl as an radharc. |
 |
| John Daly ag dul thart. |
 |
| Rob O'Brien sásta in a cheantar dúchais. |
 |
| Sos beag ag Inis Píce. |
 |
| Teach Solais Rinn an Róistigh. |
 |
| Rian an lae, ach fadhb agam leis an app nua le dátaí ón GPS. |
Ní raibh ach an ceathrar againn ar an uisce inniu, ach ba mhaith le Niall Leahy teacht linne, ach do bhí air obair a dhéanamh. Ach iontas na n-iontais, bhuail sé linn ag Rinn an Róstaigh agus thug síob dúinn ar ais go dtí An Mhuiríne agus ár gcarranna. Ard fhear Niall!
No comments:
Post a Comment