Friday, 3 June 2022

20220603 - ISKA - Na hAilichí.

Nuair a thosnaíos ag déanamh cadhcáil mara, siar ag deiridh na 90idí agus tús na náideanna, chualag fén Irish Sea Kayaking Association, agus an foilseachán acu - Trasna na dTonnta, agus an leabhar ag David Walsh, Oileáin, dar ndóigh.

D'íoc mé as an dtáille ballraíochta ar feadh cúpla bliain nú trí, ach ag an am son, bhíos fíor gnóthach ag forbairt mo ghairm, agus sa tóir ar chúrsaí grá freisin. Dá bhrí sin, ní raibh deis agam freastal ar aon chruinniú le linn na blianta san, agus toisc nach raibh siad ag seoladh amach an irisleabhar, mhothaigh mé go rabhas ag íoc as faic gach bliain, agus d'éirigh mé as.

Bhuel, táim i gcuid eile d'mo shaoil anois, agus táim i mo bhall de ISKA arís, agus sa deireadh seachtaine seo táim ag mo chéad cruinniú. Táimid sna hAilichí anois, ceantar de Iarthar Chorcaí nach raibh mé ann riamh, agus tá sé go hálainn. Beidh rudaí ag tosnú i gceart amárach, ach fós tráthnóna chuaigh ceathrar againn amach le haghaidh turas beag - saghas warmer-upper.

Bead ag campáil in aice an veain, agus seo mo chistin don deireadh seachtaine.



Sinéad Frawley, Brenda O'Shea, Tony Hawkridge.



Dá mbeadh an chuid eile den gcruinniú mar seo, beidh sé den scoth!


***UASDÁTÚ***

Agus seo mar a leanas:

Dé Sathairn - threoraigh Dave Glaswell turas timpeall Rinn Troisc. Bhí sé fíor suimiúil le pluais, áirsí, agus mian chopair ag cuir smáil gorm agus uaine ar na carraigeacha in áiteanna.

Thug Ronan O'Brian a chadhc Venture Easky dom
ar iasacht ar feadh an deireadh seachtaine. 


An saoi! Dave Glaswell, i gcomhrá le Clara Laplaud.

Kevin & Roseanne.

Sos lóin.




Ceannaire an lae, Dave Glaswell.

Kevin Murphy, Clara Laplaud.

Tash san aimsir tais.


Ag filleadh ar ais ar Na hAillichí.





Dé Domhnaigh - Fear óg ó Alban darbh ainm Stephen a bhí ag treorú inniu, agus turas timpeall Oileán Baoi beartaithe againn.
Tháinig Odhran inniu chun teacht linne.

Ag fáil réidh chun imeacht ó Traígh Gharinse.

Deacair spota oiriúnach le chuir isteach le haghaidh lón ar Oileán Baoi.




Chris MacDaid ag tarraingt as an toitín.






Ag tús an deireadh seachtaine seo, bhíos ag súil le bainistíocht turais den scoth óna saineolaithe ó mórthimpeall na tíre, ach an fhirinne a rá, bhí sé ina bpraiseach ar feadh an lae inniu.
Ón tús, bhíomair sínte amach i bhfad an iomarca, agus dá bhrí sin bhí grúpaí beaga ag briseadh ón bpríomhghrúpa i rith an lae. Bhí an caighdeán cumarsáide uafásach ar fad freisin. Ag deireadh an lae, ní raibh a fhios ag éinne cá raibh gach duine, agus an raibh nú nach raibh gach éinne ar ais ar thír tirim. 





Dé Luain - Bhí dream mór ag déanamh ar An Tarbh, ach tar éis an méiseáilteacht inné, chinneas mo thuras féin a threorú in áit eile.

Chuaigh dream beag againn amach go dtí Inis Fearn Ard, agus bhí aistear den scoth againn. An fharraige ina báinté, agus an t-uisce cosúil le dúch dhubh.

Bhí sé an-deas aithne  níos fearr a chuir ar Albert & Marie, agus Fiona Trahe, agus na daoine eile dar ndóigh.





No comments:

Post a Comment