Thursday, 23 February 2023

20230223 - Amach as An Scoil.

Turas eagraithe agus beartaithe ag Dave Elwood a bhí ann inniu.

Bhuaileamair le chéile ag an bpríomh caladh na Scoile. Is maith le Dave é, toisc go bhfuil raidhse páirceáil ann (de gnáth) agus leithris poiblí. Nach cliste an fear é!

Bhí Tess Glanville agus Rob O'Brien in éindí linn. Tess fíor sásta leis an mbád nua (di).



Chuamair amach Cuan na Scoile, suas Cuisle Oileán an Chaisleán, timpeall Oileán an Chapaill, agus ar ais go dtí Oileán an Chaisleán.

Tar éis sin, thugamair cuairt gairid ar Oileáin Mhic Cártaigh, agus ar ais go dtí An Scoil ina dhiaidh san.



No comments:

Post a Comment