Turas den scoth a bhí ann inniu, ar an taobh tuaisceart an leithinse Carn Uí Néid.
Bhí Richard Latimer, Kevin Murphy, Roseanne Stephenson, Tess Glanville agus Rob O'Brien ann.
Cé nach raibh sé gaofar, bhí mórtas farraige ann, agus nuair a bhí na tonnta móra siúd ag bualadh carraige an chósta, bhí sé éachtach, amach 'is amach.
Shuigheas ar feadh tamall ag féachaint ar an áirse seo. An chuid is mó den am, bheadh sé ceart go leor dul tríd, ach ó am go chéile, bhí an áirse líonta le bánuisce.
Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Raghad tríd ann lá éigin eile.
![]() |
| Cuas Cáinte, nú Canty's Cove. |
![]() |
| Sos lóin. |
Físeán beag a thugann blaiseadh den lae.






No comments:
Post a Comment