Táim ag logáil ama teagascaíochta le haghaidh an Bronnadh Teagascóir Canú, Leibhéal 2, fé láthair, agus ag an deireadh seachtaine bhí deis agam dul le Phil McCormack ó Pure Adventure. Tá an comhlacht bunaithe i nGráig na Manach ar An mBearú, agus is álainn an áit í.
Bhí grúpa tagtha ó BAC le haghaidh cúrsa oiliúint leibhéal a dó, agus bhíos ag cabhrú le Phil iad a traenáil. Mar a tharla, bhí aithne agam ar cuid maith acu cheanna - cadhcóirí maithe iad ón gcósta oirthear. Tá cliú agus cáil ar Susan Honan (i measc an pobal céaslú in Éireann), agus Brian agus Marie ó Shearwater Sea Kayaking.
Ar an Satharn, bhíomair ag Clais Ghainimh, ag déanamh buillí simplí agus beagáinín briseadh isteach is amach as sruth mall.
Ach inniu, bhí Phil diongbháilte an grúpa a thógaint ar turas síos an abhann, agus nach mór an spraoi a bhí ann!
![]() |
| Ar chúl - Tony Hawkridge, Phil McCormack, Brian, mise. Chun tosaigh - Niamh Kenny, Sue Honan, Marie. (agus daoine eile nach iad!) |




No comments:
Post a Comment