Déagraigh Tomas Gurski an turas inniu, bhi seisean agus a cara agus comhthíreach Ren ag iarraidh An Aighleann a dhéanamh ag leibhéal níós airde na a bhí i rith an tsamhraidh.
Bhuaileamair le chéile ag Droichead Bhéal Átha an Chaolaigh, d'fhágamair dhá charr ann agus chuamair go dtí Cathrach le cuir isteach.
Bhí ceathrar againn in iomlán, an beirt Liotuánach, mise agus Christian Cattermoule.
Bhí an leibhéal an-deas ar fad, timpeall 5.8m ag an ionad cóireála uisce Béal Átha an Chaolaigh. Ní raibh sé scríobach in aon chor, agus gan a bheith ró-thapaidh, ró-láidir ná ró-mhór.
Seo an saghas gné abhann coiteann ar an abhann seo.
Tomas, Christian & Ren.
An bealach coiscthe ag an gcrann leagtha seo. Bhi orainn teacht amach agus siúl timpeall.
Tá Seal Launch tugtha ar an gcaoi seo dul ar snámh.
Píosa beag de surfáil san fhánsruth seo.
Tomas.
Ren.
Christian.
Tomas arís. An-éasca do.
Christian ag tabhairt rúchladh tríd Eas Mhic Cormaic.
Agus anois Ren.
Tomas ar an taobh clé. Ní bíonn an rogha seo ann ag leibhéal níos ísle.
Turas deas eile ar An Aighlinn a bhí ann, agus an-deas a bheith amuigh sa aer úr an allamuigh.
No comments:
Post a Comment