Bhíos ag dul go BAC díreach tar éis an cruinniú ISKA i gContae an Chláir, agus bhíos chun a bheith ann ar feadh beagán lae, agus bhí an dá chadhc agam ar dhíon an veain, dar ndóigh.
Bhíos i dteagmháil le cúpla céaslóirí in ECSKC, agus scaipeadar an scéal go raibh suim agam dul amach go Cloch Dábhiolla.
Tháinig Mick O'Farrell ar ais chugam go dtiocfadh sé amach liom, agus shocraíomair an coinne. Dúirt sé go mbeadh a chara Mark Clinton ag teacht linn freisin.
Chuamair amach as Loch Sionnaigh, agus chomh luath is a chuamair timpeall an ceann cé bhí an oileán soiléir le feiscint. Bhí sí ní ba ghiorra ná a bhíos ag súil.
Mar is gnách dul amach go dtí teach solais, ar dtús mothaíonn sé ná fuil tú ag éirí níos gaire ar chor ar bith, ach de réir a chéile bíonn tú in ann níos mó mion-sonraí a fheiscint ar an oileán, agus go tobann bíonn tú ann!
![]() |
| Mark ar chlé, mise ar dheis. |
![]() |
| Mark agus Mick. |
Bhí orm dian-iarracht a dhéanamh an t-am ar fad coimeád suas leo, ach dúshlán maith a bhí ann.
Seo thíos mo fhíseán ón dturas.









No comments:
Post a Comment