Saturday, 31 December 2022

20221231 - Gort na Cille do dtí Beanntraí.

Bliana maith céaslóireachta a bhí ann in 2022, agus bhí suim agam é a chríochnú le turas deas amháin eile.

Bhí an réamhaisnéis réasúnta maith inniu - gaoth éatrom aniar-aneas, agus ag laghdú i rith an lae.

Chinneamair turas a dhéanamh ar an taobh tuaisceart de leithinse Muintir Bháire, ó Gort na Cille isteach go dtí Baile Bheanntraí. 

  

Nuair a bhíomair ag fáil réidh le dúl ar snámh, bhí sé soiléir nach raibh mórán gaoth ann, ach bhí tonnta millteanach móra ag teacht isteach sa bhá. Bhí peiriad fada a dhóthain ionta, ach bheadh orainn a bheith an tapa ag lainseáil, agus leis an tráthúlacht ceart.

Bhí sé beagán scanrúil ag dul amach ón tráigh agus timpeall an chéad fhochais, ach chomh luath is a chasamair go soir ó thuaidh, bhí gach rud breá éasca, leis an ngaoth agus an fharraige taobh thiar dúinn.

Roseanne Stephenson.



John Daly

Kevin Murphy



Bhí an turas an-deas ag cloí leis an gcósta, agus chonaiceamair muc mara an gar linn.

Bhí an gaoth ag laghdú agus an fharraige ag ciúnú an t-am ar fad, agus nuair a bhaineamair Cuan Bheanntraí amach, bhí sé ar nós gloine...






...ach ansin a thosnaigh an rírá!

Go tobann bhí deilfeanna mórthimpeall an cuan. Grúpaí acu ó thuaidh, grúpaí eile ó dheas. 
Grúpaí i bhfad uainn, agus gan choinne, grúpaí in aice linn.


Deireadh an-speisialta den bhliain a bhí ann.


Nóta: Bhí orm filleadh ar ais go dtí Gort na Cille le haghaidh mo veain, agus bhí sé suimiúil le feiscint go raibh an mórtas farraige tar éis laghdú amuigh anseo freisin, ní hamháin sa chuan.

No comments:

Post a Comment