Wednesday, 25 March 2026

20260325 - Tráthnóna Ceadaoin eile

 Mo chéad tráthnóna Céadaoin don bhliain a bhí ann inniu, agus chuirtear in gceannas mé!

Ach bhí sé ceart go leor toisc ná raibh aon núíosaigh ann, bhíos sásta dul amach le dream láidir chun cleachtadh agus spraoi a dhéanamh.

Bhí sé garbh a dhóthain amuigh ann, agus deis maith a bhí ann muinín a thógáil sa chlagfharraige bréitseach, in aice na fochaisí agus na branraí.

An spraoi go deo a bhí ann, agus seo thíos mo fhíseán ón oíche.



No comments:

Post a Comment