D'eagraíos an turas inniu, agus bhíos breá sásta go dtáinig slua maith ón gclub, fiú nach raibh an aimsir ró-mhaith.
An fhirinne a rá, ba bheag nár theip ar an bplean ar fad, toisc go rabhamair go léir ag feitheamh ar John Daly, agus é déanach. Bhí sé fíor tábhachtach bheith ar an uisce sa Sciobairín, ar a laghad uair a chloig roimh ama an taoide lán i nDún na Séad.
Ag deireadh na dála, bhíomair ceart go leor, ach ba ar éigin a shroicheamair an Droichead na Laige gan a bheith ag tarrac na báid thar an clábar!






Bhí sé fíor deas ag snoí ár tslí tríd na hoileáin, fé na droichid, agus timpeall na hoitreacha.


Chomh luath is a bhaineamair An Lag amach, ní rabhamair fé brú-ama a thuilleadh, agus stopamair le haghaidh an lón in aice leis an dtuama pasáiste.
Tá an tuama seo fíor suimiúil, agus taispeánann sé an méid atá leibhéal an fharraige tar éis éirí thar na céadta.
 |
| Ronan O'Brien. |
 |
Na blianta ag féachaint ar an raic seo ón mbóthar, bhí sé fíor suimiúil í a fheiscint i ngar. |
 |
| John Daly, Ronan O'Brien, et al. |
 |
| Ronan O'Brien, John Daly, Jimmy Murphy, et al. |
 |
| Roseanne Stephenson, Jimmy Murphy, et al. |
 |
Amy Walsh, Jimmy Murphy et al. An sean-eaglais na Tulaí sa chúlra. |
 |
| Jimmy Murphy. |
 |
| Kevin Murphy & Roseanne Stephenson. |
 |
| Odhran, John O'Donovan, Joe Quinn. |
 |
| Odhran. |
 |
| Joe Quinn & John O'Donovan. |
 |
| Kevin Murphy. |
 |
| Amy Walsh, Odhran, Anna O'Keefe. |
 |
| Joe Quinn. |
 |
| John Daly. |
Turas breá eile, i mo thuairimse. Tá súil agam go mbeidh an-chuid eile cosúil leis.
No comments:
Post a Comment