Tá sé deacair le rá cad atá ceart a scríobh síos fén aistear inniu.
Le nach mór seachtain anuas, bhí réamhaisnéis breá ciúin agus socair le haghaidh an ceantar inniu. Bunaithe ar an eolas sin, bheartaigh mé turas amach as Carraig Oilche, timpeall an cúinne go dtí Cuan Dor, agus ó thuaidh go dtí An Léim (Uí Dhonnabháin), agus dúras go mbeadh sé oiriúnach go gach leibhéal.
Chuas do dtí Carraig Oilche cúpla lá ó shin, agus go dtí an caladh beag lasmuigh de An Léim, le cinntiú go rabhadar oiriúnach linn. Bhíos sásta leanúint ar aghaidh leis an turas.
Ach, ní dhúras go raibh an turas seo le haghaidh báid fada amháin, agus níor thugas fé ndeara an athrú sa réamhaisnéis ar maidin. Bhí na tonnta le bheith níos lú ná 1m anois, ach bhí an peiriad tar éis athrú ó 10 soicind go dtí 5 soicind.
Nuair a chuamair ar snámh ón dtráigh in Carraig Oilche, bhí gach rud go breá. Bhí an cuan seo breá foscaithe ag Oileán Bhríde.
Chuaigh slua amháin trasna go dtí
Cuan Squince, agus slua eile timpeall an oileán.
 |
| Des Quinn, Debbie Heaphy. |
 |
| Fiona O'Neill, Roseanne Stephenson. |
 |
| Roseanne, Grit Glass, Niall Leahy, Des Quinn, Cath Russell. |
 |
| Grit Glass. |
 |
| Cath Russell. |
 |
| Des Quinn. |
 |
| Roseanne, Niall, Fiona. |
 |
| Roseanne & Fiona. |
 |
| Niall Leahy. |
Bhí gach rud maith go leor go dtí seo, bhí sé garbh a dhóthain ar an dtaobh theas de Oileán Bhríde, ach bhí gach duine ann compordach go leor sna dálaí.
Nuair a bhuaileamair le chéile arís leis an dream eile, bhí cinneadh le déanamh againn. 1. Fhanfadh gach duine anseo. 2. Raghfadh gach duine ar aghaidh. 3. Scair an grúpa, agus fhanfadh cuid amháin, agus raghfadh cuid eile ar aghaidh.
Bhíos cinnte go mbeadh gach rud ceart go leor, ró-chinnte, mar a tharla. Mholas go leanfaimis go léir ar aghaidh, b'fhéidir go mbeadh sé beagáinín garbh idir Oileán Bhríde agus Oileán Adam, ach tar éis sin bheadh sé éasca go leor.
Bhuel, ag deireadh na dála, bhí sé ró-chorraithe le haghaidh cuid maith de na daoine a bhí ann inniu. Do bhí droch-chinneadh déanta againn...agus tá sin soiléir anois.
 |
| Ní raibh an bád seo oiriúnach do na dálaí. |
 |
| Richard Latimer, compordach amach sna dálaí ar a SUP, is cuma cén soitheach atá aige. |
I ndáiríre, bhí gach duine ceart go leor, ach bhí roinnt acu neirbhíseach agus buartha. Cinnte ná raibh siad ag baint taitneamh as an lae. Bhí bean amháin tinn le meascán de mothúcháin agus gluaiseacht na farraige.
Nuair a bhaineamair caladh Cuan Dor amach, d'éirigh chuid maith as, agus lean níos lú den leath an grúpa ar aghaidh go dtí An Léim. An íoróin na, go raibh sé chomh cothrom le gloine as Cuan Dor amach. Tháinig an aimsir ón réamhaisnéis, ach bhí sé cúpla uair a chloig déanach.
Tá ceachtanna foghlamtha agam inniu. Ní foláir dom a bheith níos bailí nuair atáim ag fógairt turais; cén saghas cadhc atá oiriúnach, srl.
Caithfidh mé an grúpa os mo chomhair a mheá níos cruinne. Caithfidh mé a bheith ionraic leo, agus níos tábhachtaí fós, níos ionraice liom féin.
Agus an rud is tábhachtaí - ní mór dom a bheith réidh an plean a athrú. Chloígh mé leis an bplean inniu, fiú agus an aimsir difriúil óna bhíos ag súil, agus an grúpa níos laige ná ba cheart dul amach sna dálaí.
Bhí dúil agam an turas a dhéanamh, díreach mar a bheartaigh mé, agus ní raibh mé ag smaoineamh ar an mórphictiúir.
Osna!
No comments:
Post a Comment