Agus dream cairde ón ngaelscoil ag campáil le chéile ar Oileán Chléire (mar is gnáthach gach Iúil), tháinig córas aimsire frith-chuaranfa agus dea-aimsir le feiscint sa réamhaisnéis. Ag féachaint trasna go dtí Carraig Aonar aréir, chuireas plean le chéile, agus chuireas cor ar láimh Brian agus Donncha teacht amach liom inniu.
Tá seantaithí céaslóireachta ag Donncha, ach ní raibh Brian i gcadhc le blianta fada. Mar sin féin, fuair siad báid ligthe chun báin sa chuain, agus cúpla chéasla ó Pauline, agus ar aghaidh linn.
Bhíos ag cumadh plean conas snámh go dtí na céimeanna, nuair a dtáinig Donncha, shleamhnaigh sé isteach in aice an carraig, sheas suas ina chró cadhc, coiscéim amháin trasna, chas timpeall, phioc suas a chadhc, agus shiúl suas na céimeanna. Gan a bhróga a fhliuchadh fiú!
Is cosúil nach rabhamair chun snámh mar sin. Lean mise agus Brian air, ach a dhóthain le rá nach rabhamair chomh grástúil leis.





















No comments:
Post a Comment