Tar éis na céadta ag fanacht leis, ar deiridh tháinig mo chadhc nua ón mBreatain Bheag.
Tháinig Roger Waugh ó Paddle & Pitch leis ar díon a charr go dtí Domhnach Bat, ar a bhfuil mé ag fanacht le mo dheirfiúr Niamh fé láthair.
Dar ndóigh, bhí sceitimíní an Domhain orm agus mé ag oscailt an cumhdach.
Shuigheas isteach ann, le bheith cinnte go n-oireann an méid dom (oireann). A chéad rud a thugas fé ndeara áfach, ná go bhfuil troitheáin ann. D'iarr mé gan iad a infheistiú ar an bhfoirm ordaithe.
Mar sin féin, suas ar díon an veain leis ansin.
***UASDÁTÚ***
Agus mé fillte abhaile, agus ag déanamh mion-iniúchadh ar an gcadhc, thugas cúpla ruda eile mí-shásúil.
Marcanna agus prislíní sa bhrat glóthaí nú gelcoat.
Smáil ón mbuí buí ar an mbán.
Loigíní sa bhrat glóthaí.
Bolgáin sa bhrat glóthaí.
B'fhéidir go bhfuil mé ró-nósúil fé seo, ach d'íoc mé breis is ceithre mhíle Euro as an mbád seo, agus as an praghas san, bheifeá ag súil go mbeadh gach rud in ord is in eagar.
Ag deiridh na dála, níl mé chun é a sheoladh ar ais mar gheall ar na fabhtanna san, mar sin, ghlacas leo agus leanas ar aghaidh.
Mo chéad eachtra sa bhád nua ná cleachta rolláil i Loch Oighinn, agus ina dhiaidh san, chuas amach i m'aonar i gCuan Chorcaí ó Rinn an Scidígh. An-shásúil ar fad!













No comments:
Post a Comment