Thursday, 15 September 2022

20220915 - Rinn an Scidígh go dtí Rinn an Róstaigh le Ronan.

Le bád nua agam, táim fíor díocasach dul amach ann. Táim ar chúrsa oiliúna ag NMCI fé láthair, agus oibríonn Ronan O'Brien in Rinn an Scidígh freisin, tugann sé sin deis iontach beagán céaslóireacht a dhéanamh um tráthnóna, ó am go chéile.

Anocht, chuamair amach ó Gobby Beach (Trá Gobaigh?), trasna go dtí Dognose (Cnoc an Oirchéadaigh?), ar fad White Bay, agus ó dheas go dtí Rinn an Róistigh.






Bhí sé go breá bheith amuigh, gan ach an bheirt againn, ar tráthnóna chomh aoibhinn seo.

D'Fhilleamair ar ais, ag dul in aice Graball Bay, ach gan stopadh i mBun an Tábhairne.
Cé go bhfuil an tírdhreach tionsclaíoch seo an-difriúil ó mo ghnáth 'pháirc súgartha' in Iarthar Chorcaí, bhaineas an-taitneamh as an imeacht.







No comments:

Post a Comment