Tá an cruinniú ISKA sa deisceart inár gceantair féinig i mbliana - ag an OEC na Scoile. Tá Pa Conway tar éis seasadh suas mar ionadaí an deiscirt, agus tá an deireadh seachtaine ar fad eagraithe aige.
An chead imeacht, ar an Sathairn, ná turas ón gCruachán ar ais go dtí An Scoil, treoraithe ag Jon Hynes. Do bhí gaoth láidir aniar aneas ann, ach bhi foscadh ann ón mórtas, agus bhíomair ag céaslóireacht le cóir na gaoithe. Nach mór an spraoi a bhí ann!
Bhí Jon agus Donal Dowd ag baint úsáid as seolta, agus nuair a d'fhágamair an foscadh ó Oileán na Carraige, bhíos ag ceapadh, i mo thaithí mar seoltóir, go raibh sé beagán ró-ghaofar le haghaidh seolta. Iontas na n-iontais, tar éis nóiméad amháin bhí jeidhb uafásach ag Donal, agus bhí sé leagtha ar a bhíoma go brúidiúil. Agus cén amadán a bhí díreach in aice leis ag an am? An t-amadán seo, dar ndóigh!
Dhein sé cúpla iarracht rolla a dhéanamh, ach leis an seol mór fén uisce, bhí sé go iomlán dodhéanta agus bhí orm teacht lena tarrtháil,
Ní raibh mórán dráma ina dhiaidh sin, agus bhí sos againn ag An Rinn Ard (Gunpoint). Píosa beag preabadh na carraige freisin, agus bíonn sin spraoi i gcónaí.
![]() |
| Roger McClure, Caroline Schofield, Donal Dowd, Dave Elwood, Jon Hynes, Mise, John Dempsey, Sinead Frawley. |
![]() |
| Katie Carr ag insint scéal a deartháir duinn. |






No comments:
Post a Comment