Ta sé deacair le creidiúint, ach tá breis is dhá bhliain tar éis dul thart óna dheineamair an aistear ar An mBandan ó Droichead Máinse. Le fada, bhíos ag iarraidh teacht thar n-ais chun an chéad stráice eile de a dhéanamh.
Inniu chuireamair isteach ag Droichead Baxter, ag an ionad cóireála uisce, agus arís bhí dream maith againn ann; Odhran, Pa Conway agus John Daly in sna cadhcanna, mise, Cathal agus Debbie Heaphy i gcanú amháin, agus Kristin & Angela i gcanú eile.
Tar éis an tointeáil a shocrú, bhí leibhéal an abhainn ag 0.6m agus ag ísliú nuair a bhuaileamair an uisce, ach bhí an gaoth ag laghdú freisin, agus bhí na dálaí go maith.
 |
| Cathal. |
.jpg) |
| Kristin & Angela. |
.jpg) |
| An fear é féin - John Daly. |
.jpg) |
| Ag measúnú an bealach éisc ag an gcora i nDroichead na Bandan. |
.jpg) |
| Debbie, Pa, Odhran. |
 |
| Ag iompair timpeall an cora. |
.jpg) |
| Pa & John. |
.jpg) |
| Odhran. |
.jpg) |
| John & Pa. |
 |
| Ag spraoí fén droichead in Inis Eonáin. |
Lá breá eile ar an abhainn a bhí ann. Bheinn sásta triail as arís ag 0.7m nú 0.8m, gan stró.
No comments:
Post a Comment