Saturday, 24 February 2024

20240224 - Loch Cuan - The Narrows.

Bhuaileas le Damian Hamill ag an gcruinniú ISKA sa Scoil anuraidh, agus bhíos i dteagmháil leis arís le déanaí. Shocraíomair teacht le chéile i Loch Cuan inniu le haghaidh turas tríd "The Narrows" (An Caolas?) agus an Routen Wheel míchlúiteach!

Bhí droch-thús don lae agam. Deacrachtaí ag fágáil an long, agus ansin, nuair a bhíos nach mór ag Cill Cléithe, shiúil bean amach ar an mbóthar díreach romham, agus í as a meabhair trí fáth éigin. Ar ámharaí an tsaoil, bhí cairde in éindí léi, agus thóg siad amach as lár an bhóthair í. D'fhágas an-chuid rubar ar an mbóthar an uair sin!

Nuair a bhí mise ag crith le scéin as an ngeit a bhaineadh asam, bhí Damian ag ligint a scíth ar an tráigh, ag baint súp as an aimsir.


Ar dtús chuamair amach go dtí Carraig Aonghusa chun an teach solais a fheiscint, agus ansin isteach linn sa loch le sruth líonta an taoide.


Bhí sos lóin againn ar Oileán an tSéipéil


Chomh ciúin le linn snámha sa loch.

An an slí amach tríd na Narrows, bhí an sruth aife ag rith go maith. Bhí tonnta sheasta ann ag Carraigeacha Úaitéir, agus stopamair le spraoi ann ar feadh cúpla nóiméad. 
Chuamair thart ar Port an Pheire go han-sciobtha, agus ansin chonaiceamair an Routen Wheel.

An fhirinne a rá, chualamair ar dtús é, toisc go bhfuil sé chomh mór agus leathan, gan a bheith ard.
Is dóigh liom go raibh uiscí fíor garbh agus contúirteach i mo shamhlaíocht agam, agus mé ag smaoineamh ar coire nú pholl guairneáin san fharraige, ach i ndáiríre bhí an Routen Wheel aisteach, ach ní raibh sé baolach do chadhc. Ní inniu ar a laghad.

Bhaineas an-sult as an lae, agus tá súil agam go mbeidh deiseanna eile dul amach le Damian arís amach anseo.





No comments:

Post a Comment