Wednesday, 7 February 2024

20240207 - Oileán na bhFaoileann

Tá an long seacálta in airde i gcalafort Béal Feirste, agus táim ag déanamh seal oibre ó mheán lae go dtí meán oíche gach lá. Tugann sé sin deis dom roinnt uaire a chloig rudaí pearsanta a dhéanamh ar maidin, más féidir liom mo chorp tuirseach a tharrac amach as an leaba go moch!
Sin a dheineas maidin inniu - i mo shuigh ag a 5, agus amach ar an mbóthar timpeall leathuair tar éis.

Chuas go dtí duirling beag in aice Rinn Orlock, taobh thuaidh de tráigh Port a' Bhó. Bhí sé fós dubh dorcha nuair a shás amach tríd na teannta beaga, ach bhí an teach solais ag splancadh go soiléir sa dorchadas. Leanas i dtreo an solais, gan ach na tonnta beaga agus slaparnach mo chéasla le clois.


Nuair a bhíos ag druidim le Oileán an Teach Solais, bhí cuma difriúil ar an scéal. Cé nach raibh sé mórán ní ba ghile, bhí na héanlaithe in ann mo slaparnach a chlois sa dorchadas, agus bhí siad scanraithe roimh an fhuaim, i ngan fios dóibh cad a bhí á dhéanamh.
Bhuel an raic is an rírá a dhein siad! Ag screadaíl is ag glaoch, is eitilt timpeall agus timpeall.
Leanas ar aghaidh chomh tapaigh agus ab fhéidir liom.


Nuair a bhaineas Oileán na Faoileann amach, bhí an crapsholas ann, agus bhíos in ann na carraigeacha srl, a fheiscint. Bhí an fharraige ag oibriú  píosa, agus bhí sé deacair fótagraif a ghlacadh i gceart dá bhrí sin.
 

Ar an slí ar ais, ag dul thart timpeall Oileán an Teach Solais arís, níor thug na héanlaithe aon aird orm, toisc go rabhadar in ann mé a fheiscint an uair seo, is dócha.
 

Bhí breacadh an lae ann agus mé in aice Oileán Chóplainn ar mo shlí ar ais, agus nach deas an maidin a bhí ann.

Ar ais ag an duirling ag Rinn Orlock (Orlach?), agus turas ar ais go dtí Béal Feirste agus seal 12 uair a chloig oibre fós le déanamh agam inniu. 😩




No comments:

Post a Comment