Monday, 8 April 2024

20240408 - Faoide

Lá fliuch, gaofar ata ann, ach mo lá deireanach roimh dul ar ais ag obair, agus bhíos an-tiomanta dul amach uair amháin eile roimhe sin.

Do bhí carr mo chomrádaí tairiseach Dave Elwood sa gharáiste, agus dá bhrí sin, thugas síob do, agus dá chadhc, ó Áth an Chiste go dtí Beanntraí. Bhualamair le Tess agus Thomas Maas ann.

Agus sinn ag tiomáint anuas ón droim ar leithinse Muintir Bháire, bhí mise agus Dave ar aon tuairim dul deiseal timpeall Oileán Faoide, ach bhí pleananna eile ag an aimsir faraor.


Bhí sé breá séimh sa chuan, ach chomh luath is a chasamair timpeall an pointe is sia siar an oileáin, thugamair fé ndeara go raibh an gaoth an-difriúil ón réamhaisnéis. Saghas "funnelling" a bhí ann measaim. Bhí an gaoth aniar aduaidh ag casadh anoir aduaidh agus ag dul amach Bá Beanntraí idir na leithinsí ar an dá thaobh.
Bhíomair ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh dul níos faide, agus chasamair timpeall.

Stopamair ag an mbaile beag, agus cé go raibh sé dúnta, lig Tim isteach sinn sa Bank House Bar, agus thug sé tae agus ceapairí dúinn! Maith an fear!

Bhíomair fuair agus fliuch, agus ní bhaineamair ár gceann scríbe amach, ach fós bhí sé fiú dul amach.


No comments:

Post a Comment