Chuir Sean 'Gadget' Lynn bat-signal de shaghas éigin suas ar Facebook, ar leathanach le teideal "Cork/Kerry Paddle Community", go mbeadh an Bandan Uachtarach (UB mar a déarfá) ag "Tash and Tess levels" inniu. 🤔
Bhuel, le cuireadh mar sin, ní raibh an tarna rogha agam ach teacht, agus thógas Odhran freisin.
Bhí an leibhéal timpeall 0.8m, agus bhí sé an-oiriúnach dúinn, an fhirinne a rá.
Bhíomair anseo cúpla uair nú trí cheanna féin san earrach seo, ag tosnú ar leibhéal an-íseal, agus ag triail ina dhiaidh sin as leibhéal beagán ní ba airde.
Thug Des Quinn a P&H Scorch dom ar iasacht inniu, chun triail a bhaint as.
Sa lá ata inniu ann, bíonn sé an deacair orm cadhc bánuisce le méid a oireann dom a fháil.
Seo sinn ag téamh suas ar gné beag.
![]() |
Tá teidil tugtar ag an lucht cadhcála ar gach gné ar an gcuid seo den abhainn, ach ní cuimhin liom cén ceann é seo.
![]() |
| Claontarraingt - go deas! |
Bhí Anaïs O'Donovan ann freisin, ach ní raibh sí ach ar an mbruach ag glacadh fótagraif, agus dá bhrí sin, tá taifead iontach den gné is mó ar an abhainn againn.
In sna sraitheanna seo thíos, táimid ag dul síos eas ar a thugtar 'An Titim Dúbailte' air (nú, The Double Drop). Tugtar "Ardcahan Falls" air freisin uaireanta, ach níl sé sa bhaile fearainn Ard Ceachan, ach is in Gort an Iúir atá sé.
Tar éis an céad titim, tá rogha ann, dul díreach ar aghaidh, nú casadh ar dheis, ar a bhfuil saghas fánán ann.
Seo Odhran ag dul síos go díreach.
Agus ansin mise ar dul síos an fánán.
Seo Odhran ag dul síos an fánán ar dheis an uair seo.
Agus anois mise.
![]() |
| Is breá liom an fótagraf seo. Táim ag déanamh "íosbhoiseog chéasla", agus tá cos an céasla ag lúbadh leis an bhfórsa. |
Mo mhíle buíochas do Gadget, as an gcúram a thug sé do Odhran inniu, á chóitseáil síos an abhainn, agus as na físeáin beaga freisin dar ndóigh.
GRMA do Anaïs freisin, as na fótagraif iontacha seo.
An spraoi ar fad a bhí ann.
An spraoi ar fad a bhí ann.






























No comments:
Post a Comment