Tá mo mhac Tadhg ag obair ar Oileán Chléire ag Maratacht fé láthair, agus tá a áis snámhachta (agus an-chuid nithe beaga eile) dearúdta aige sa bhaile. Bhí suim agam dul amach chuig an oileán ar aon nós, ach anois bhí cuspóir agam. Is buachaill seachadta anois mé!
Cheapas go mbeadh dream beag ag teacht amach liom le haghaidh an oíche campála, ach ag an deireadh ní raibh éinne eile in ann teach liom, ach bhí suim ag Tess agus Andrea Vallaincourt-Alder teacht ar turas lae amháin.
Bhuaileamair le chéile ag Cuas Audley, agus amach linn i measc na hoileáin Loch Trasna. Ba í Andrea a ghlac na fótagraif seo thíos.
| Ros Brain. |
|
| Mweel Ledges, in aice Oileán an Chaisleáin |
Chuamair leath slí timpeall Oileán an Chaisleáin agus stopamair ag dhuirling beag i gcuas éigin le haghaidh píosa bídh.
Tar éis an lón, d'fhágas slán ag an mbeirt bhan, agus thugas mo aghaidh i dtreo mo cheann scríbe.
Tar éis an lón, d'fhágas slán ag an mbeirt bhan, agus thugas mo aghaidh i dtreo mo cheann scríbe.
Nuair a bhaineas an fánán lasmuigh de Trá Chiaráin amach, chuireas suas mo phuball...
...agus chuas á lorg mo mhac. Bhí seachadadh le déanamh agam!
![]() |
| Fáilte mór romham ag Tadhg agus a chara (agus comhghleacaí) Lara. |
An maidin dar gcionn, bhí sé eagraithe go dtiocfadh Moira Creedon amach as An Scoil chun bualadh liom ag Trá Chiaráin.
Ach thugas fé deara nuair a bhíos ag pacáil suas mo threalamh go raibh ceo troim ann, agus bheadh sé deacair ar Moira teacht amach tríd. Ní rabhas buartha, ní raibh sí déanach fós, agus is céaslóir den scoth í Moira, ach bhí sé ar chúl m'aigne agus mé ag déanamh mo ghnó.
Bhí bricist deas agam le mo chara Siobhán Cadogan ina teach saoire ar an oileán, agus fuaras téacs ó Moira go raibh sí ar a slí, agus go mbeadh sí ag éisteacht ar an raidíó VHF.
Nuair a bhíos nach mór réidh chun imeacht, bhíos ar éirí beagáinín buartha fé Moira, agus chuireas glaoch uirthi ar an raidíó - gan freagra.
Leath uair a chloig ní ba dhéanaí, agus fós gan freagra, bhíos buartha anois, ceart go leor...ach ar deireadh fuaras freagra ar ais ó Moira. Bhí tuin áirithe ina glór, agus bhí a fhios agam go raibh sí fé struis, ach dúirt sí go raibh sí CGL, agus bheadh sí ann i gceann fiche nóiméad.
Nuair a bhain sí Trá Chiaráin amach, bhí faoiseamh mór uirthi. Dúirt sí liom ná raibh sí in ann faic a fheiscint amuigh sa bhá, agus chuaigh sí go dtí an taobh mí-cheart de oileán An Lao Thiar (áit nach deas le tonnta ag teacht isteach) ach lean sí an treo-uillinn chompáis, agus bhí si an-sásta nuair a chuala sí mo ghlór ar an raidíó. Ní raibh sí i bhfad as Oileán Chléire fén am sin, agus lean sí an cladach isteach go dtí Trá Chiarán.
Agus anois bhíomair réidh chun an turas a thosnú!
Agus anois bhíomair réidh chun an turas a thosnú!
Thosnaíomair amach le taobh cósta an oileán, thar na focaisí in aice Oileán Éanna, trasna Súnta an Ghaisceanáin, taobh theas de Oileán Broc, agus le taobh cósta theas Inis Arcáin.
Bhí sos bídh againn ag Trá na Phraisce, agus ansin chuamair idir Oileán Dhúlaing agus Rinn na Spáinne (Baile Uí Loingseacháin) ar ár slí soir.
Nuair a shriochamair Tráigh Omna, bhí a fhios againn go raibh tuirse ag teacht orainn. Ghortaigh mé mo dhroim ag iompair mo chadhc lán le trealamh ón bhfánán ar maidin, agus bhí 10km níos mó ná mé déanta ag Moira cheanna féin ar maidin (ná habair an fuinneamh mothúcháin caite aici freisin!).
D'éiríomair as, sásta leis an méid déanta againn.
Chuireas glaoch ar Joanne teacht go dtí Traigh Omna (6km ó mo theach) agus phioc sí suas mé. Ansin tháinig Josh, páirtí Moira, agus phioc sé suas í.
An-deas ar fad!





No comments:
Post a Comment